Simeon Burke ag múineadh an dlí do mhic léinn ar €40 san uair

03/10/2024

Tá Simeon, deartháir an mhúinteora in aighneas ‘trangender’ Enoch Burke, ag teagasc an dlí sa bhaile agus ar líne

Tá an t-abhcóide Simeon Burke, deartháir an mhúinteora Enoch Burke, ag teagasc do mhic léinn dlí.

Ciontaíodh Simeon as sárú na síochána anuraidh ach chaith an Chúirt Achomhairc a chiontú amach i mbliana.

Tháinig an cás i ndiaidh ‘melee’ ag cás a dhearthár Enoch Burke sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath.

Ag achomharc i gcoinne a chiontaithe sa Chúirt Dúiche i mí Aibreáin, dúirt an Breitheamh John Martin nach raibh sé lánchinnte gur shásaigh iompar ‘unbecoming’ Simeon an tairseach do chion oird phoiblí (public order offence).

Muintir Burke
Muintir Burke

Tá Simeon, atá 25 bliain d’aois, tar éis teagasc a thabhairt do 24 mac léinn ar €40 in aghaidh na huaire go dtí seo, agus úsáideann sé ardán teagaisc Superprof.ie.

Ag tairiscint seirbhísí teagaisc óna theach cónaithe i gCaisleán an Bharraigh (Castlebar), Co. Mhaigh Eo, chomh maith le seirbhísí ar líne, deir sé go bhfuil Céim Bhaitsiléara sa Dlí aige ó Ollscoil na Gaillimhe, Máistreacht ó Ollscoil Cambridge agus céim abhcóide sa dlí ó Kings Inns i mBaile Átha Cliath.

An mhí seo caite, dúirt Simeon go raibh ‘bac á chleachtadh air sna cúirteanna’ agus an spriocdháta ag teach suas dó chun abhcóide a fháil chun é a ghlacadh mar dhalta.

Ní mór dóibh siúd a bhfuil na cáilíochtaí acu ‘máistreacht’ a fháil faoin 23 Meán Fómhair.

Dar le Comhairle an Bharra, is ar an dalta atá an fhreagracht máistir a fháil.

An mhí seo caite, scríobh sé chuig an Abhcóide Sinsearach Seán Guerin, cathaoirleach Chomhairle Bharra na hÉireann, ag maíomh go raibh ‘idirdhealú á dhéanamh’ air.

I bhfíseán ar na meáin shóisialta, dúirt Simeon go raibh sé ag tabhairt aghaidh ar ‘eisiamh láithreach (‘imminent exclusion’)’ ó chleachtadh an dlí sna cúirteanna mar gheall ar a ‘chreidimh reiligiúnacha’.

Simeon Burke 1
Simeon Burke

Rinneadh dianscrúdú ar charachtar an Uasail Burke le linn chás na gCeithre Cúirteanna a bhí ag a dheartháir Enoch anuraidh.

I mí an Mhárta 2023, gabhadh Simeon tar éis ‘chaotic scenes’ ina raibh ar ghardaí idirghabháil a dhéanamh sa Chúirt Achomhairc sna Ceithre Cúirteanna tar éis breithiúnas a thabhairt i gcás Enoch.

Cúisíodh é as focail agus iompar bagrach agus maslach a dhéanamh.

Le linn éisteachta amháin os comhair na gcúirteanna, dúirt sé: ‘Ní raibh a fhios agam ag am ar bith go raibh mé faoi ghabháil.’

Scriosadh an cás ar deireadh i mí Aibreáin na bliana seo tar éis do bhreitheamh a chinneadh nach raibh dóthain fianaise ann go raibh cion coiriúil déanta aige.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram