Tá Rachel Allen bródúil as a mac Joshua – imithe ón bpríosún go bua mór

26/09/2024

Gabhadh an mac ba shine ag Rachel mar gheall ar dhrugaí, agus é ag 18 bliain d’aois, agus cuireadh chun príosúin é – ach tá athchóiriú déanta aige agus deir sé: ‘Tá a lán rudaí a gcaithfidh mé aghaidh a thabhairt orthu ach táim chun aghaidh a thabhairt orthu’

Is máthair thar a bheith bródúil í Rachel Allen faoin gcaoi ar athraigh a mac Joshua a shaol le bheith ina fhear óg rathúil, tar éis dó am a chaitheamh sa phríosún.

Is mac é Joshua Allen, atá 24 bliana d’aois, don chócaire móréilimh Rachel.

Tá a chuid fadhbanna sáraithe aige le tacaíocht a mhuintire agus Rachel, agus thraenáil sé go dian ina spéis nua, troid MMA.

Ba í a mháthair Rachel an leantóir ba mhó a bhí aige agus í ag ceiliúradh ‘bua mór’ a mic is sine le déanaí.

Joshua nuair a bhí se 14, lena mháthair
Joshua nuair a bhí se 14, lena mháthair

Bhí Joshua sa bhabhta éadrom-mheáchan MMA ag na hElite Fighting Championships i gCorcaigh.

Chuaigh Rachel chuig na meáin shóisialta chun pictiúir dá mac a roinnt tar éis an troid.

Scríobh Rachel: ‘Comhghairdeas as do bhua Josh!’ Agus chuir sí dhá emoji croí corcra san áireamh.

Ghabh Joshua buíochas lena theaghlach a d’fhéach ar an troid, ag scríobh: ‘Sona an bua a fháil thar an deireadh seachtaine.

Joshua Allen
Joshua Allen

‘Agus, mar is gnáth, buíochas ollmhór do mo chóitseálaithe agus mo chomhpháirtithe oiliúna ag Samson Martial Arts Club.

‘Agus buíochas le Elite Fighting Championships as mé a bheith ar an seó agus le mo chairde agus mo theaghlach ar fad a tháinig amach chun féachaint orm ag troid.’

Mhol cóitseálaí MMA Joshua as an obair chrua a dhéanamh le linn na hoiliúna.

‘Bua mór do Joshua Allen an deireadh seachtaine seo i gcoinne trodaí (fighter) Francach an-dian agus contúirteach,’ a scríobh an cóitseálaí.

‘Is oibrí dian sa seomra aclaíochta é, agus léirigh sé é sin ar an oíche leis an luas a chuir sé ar a chéile comhraic.’

Tá Joshua tar éis é féin 0a thiomnú (dedicated) do bheith ina throdaí MMA, tar éis tréimhse sa phríosún mar gheall ar chionta drugaí.

Gabhadh den chéad uair an mac le Rachel Allen nuair a bhí sé 18 mbliana d’aois, nuair a rinne gardaí idircheapadh ar phacáiste le luach thart ar €30,000 de channabas ann.

Bhí an pacáiste a seachadadh chuig Ballymaloe Cookery School.

Chaith sé trí mhí in ionad cóireála cónaithe (residential treatment centre) le haghaidh úsáid drugaí agus ar deireadh gearradh pianbhreith 30 mí sa phríosún air, agus an dara leath ar fionraí.

Mar sin féin, bhí sé gafa le cócaoin le luach €280 air, díreach cúig seachtaine tar éis é a scaoileadh saor go luath, agus cuireadh ar ais chuig príosún é.

Pásstí Rachel Allen', Lucca, Scarlett agus Joshua
Pásstí Rachel Allen, Lucca, Scarlett agus Joshua

Ó shin i leith, áfach, tá Joshua tar éis a shaol a athrú le tacaíocht a mhuintire agus a spéis nua in MMA le Samson Martial Arts Club i gCorcaigh.

Tá a bhuanna ealaíne speisialta curtha chun cinn aige freisin agus bhunaigh sé gnó snoíodóireachta cloiche (stone carving), JRA Stonecarvings, a bhfuil sé mar phríomhfhócas aige.

Ag machnamh ar a shaol, dúirt Joshua roimhe seo go raibh sé ag ‘pointe an-íseal’ ag an am.

Dúirt sé: ‘Fós tá go leor rudaí a gcaithfidh mé aghaidh a thabhairt orthu i mbliana ach tá mé chun aghaidh a thabhairt orthu go díreach mar a dhéanaim le gach rud eile sa saol.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram