Mharaigh Iosrael 558 duine sa Liobáin, 50 acu ina bpáistí, agus anois tá trúpaí na hÉireann i mbaol

23/09/2024

• Maraíodh 50 leanbh agus 94 bean – agus gortaíodh 1,835 duine sa Liobáin

• Tá meanma (morale) na saighdiúirí Éireannacha a fhreastalaíonn ar UNIFIL sa cheantar ‘láidir’, a deir an Tánaiste

• Tá Netanyahu ag taisteal go dtí na Náisiúin Aontaithe chun óráid a thabhairt do cheannairí domhanda an tseachtain seo

Mharaigh aer bhuillí Iosraelacha sa Liobáin 558 duine, 50 leanbh san áireamh, agus gortaíodh níos mó ná 1,835 duine eile Dé Luain.

Tá sé ráite ag an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go bhféadfadh Iosrael díriú anois ar an gceantar ina bhfuil saighdiúirí Éireannacha ag déanamh a seacht ndícheall daoine a choinneáil slán.

Dúirt sé, áfach, go bhfuil a meanma (morale) ard, go bhfuil siad oilte go maith (well-trained) agus go bhfanfaidh siad sa Liobáin mar choimeádaithe na síochána.

Tá sé ráite ag an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go bhféadfadh Iosrael díriú anois ar an gceantar ina bhfuil saighdiúirí Éireannacha
Tá sé ráite ag an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go bhféadfadh Iosrael díriú anois ar an gceantar ina bhfuil saighdiúirí Éireannacha

Rinneadh na hionsaithe ar cheantair chónaithe agus b’éigean do na mílte teaghlach teitheadh, in ainneoin sin tá sé á thuairisciú mar ionsaí ‘spriocdhírithe (targeted)’ ar Hezbollah.

Bhí na hionsaithe is déanaí i ndeisceart na Liobáine.

Mar sin féin, bhí go leor aer bhuillí eile ar an oirthuaisceart Ghleann Bekaa agus chomh fada ó thuaidh le Hermel, baile in aice le teorainn na Siria.

Dúirt aire sláinte na Liobáine gur maraíodh 274 duine, lena n-áirítear 21 leanbh agus 39 bean, agus gortaíodh 1,024.

Dúirt an t-arm Iosrael go raibh os cionn 800 ionsaí ‘spriocdhírithe (targeted) déanta acu.

Mar a tharla i nGaza le linn ionsaithe Iosrael, áfach, bhí na príomhbhóithre go Béiriút, an phríomhchathair, lán le daoine ag teitheadh.

Theith na mílte sa Liobáin ó dheas, agus bhí an príomhbhealach amach as an gcathair chalafoirt theas de Sidon lán le gluaisteáin ag dul i dtreo Béiriút san ‘exodus’ is mó ó bhí cogadh Iosrael-Hezbollah i 2006.

Tar éis na maruithe dúirt Príomh-aire Iosrael Benjamin Netanyahu: ‘Gheall mé go n-athróimis an chothromaíocht slándála, cothromaíocht na cumhachta sa tuaisceart – sin é go díreach atá ar siúl againn.’

Táthar ag súil go dtiocfaidh  Netanyahu go Nua-Eabhrac do Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus tabharfar cuireadh dó óráid a thabhairt do cheannairí domhanda Dé hAoine.

Dúirt príomh-aire airíoch na Liobáine, Najib Mikati, go raibh a thuras go Nua-Eabhrac curtha ar ceal aige, ag lua imní faoi chogadh uileghabhálach.

Tá sé ráite ag an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go bhfuil seans ann go bhféadfadh diúracáin a dhíriú ar cheantair den Liobáin ina bhfuil Óglaigh na hÉireann.

Tar éis na maruithe sa Liobáin dúirt Príomh-aire Iosrael Benjamin Netanyahu: ‘Gheall mé go n-athróimis an chothromaíocht slándála, cothromaíocht na cumhachta sa tuaisceart – sin é go díreach atá ar siúl againn.’
Tar éis na maruithe sa Liobáin dúirt Príomh-aire Iosrael Benjamin Netanyahu: ‘Gheall mé go n-athróimis an chothromaíocht slándála, cothromaíocht na cumhachta sa tuaisceart – sin é go díreach atá ar siúl againn.’

Dúirt an tUasal Martin nach bhfuil aon phleananna ann baill d’Óglaigh na hÉireann atá lonnaithe sa Liobáin a thabhairt abhaile in ainneoin an mhéadaithe ar an teannas sa réigiún.

Dúirt sé go bhfuil meanma na saighdiúirí atá ar seirbhís le UNIFIL sa réigiún ‘láidir’ cé go bhfuil siad ag déileáil le ‘cúinsí fíordhúshlánacha’.

Ag labhairt dó roimh chruinniú de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, dúirt an tUasal Martin: ‘Tá ár saighdiúirí oilte go gairmiúil agus sábháilte.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram