‘A Domhain uasal, rinne mé iarracht Donald Trump a mharú! Ach lig mé síos sibh’

23/09/2024

Is é sin a scríobh an t-amhrastach Ryan Wesley Routh i nóta le léamh má theip air Trump a mharú, de réir Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe

D’fhág an fear, atá cúisithe as iarracht a dhéanamh Donald Trump a fheallmharú ag cúrsa gailf i Florida, nóta a rá go raibh sé ar intinn aige é a dhéanamh, de réir na Roinne Dlí agus Cirt.

Bhí liosta lámhscríofa aige freisin de dhátaí agus áiteanna ina raibh Trump le bheith.

Tá na líomhaintí nua sin i meamram coinneála (detention memo) do Ryan Wesley Routh, atá 58 bliain d’aois.

Bhí an Roinn Dlí agus Cirt ag áitiú gur cheart dó fanacht faoi ghlas fad is atá an cás ar feitheamh.

Ryan Wesley Routh
Ryan Wesley Routh

Cúiseoidh ionchúisitheoirí Routh as iarracht iarrthóir polaitíochta a dhúnmharú agus ordaíodh é a choinneáil i bpríosún ar feitheamh a thrialach.

Sábháladh Trump nuair a chonaic gníomhaire (agent) de chuid na Seirbhíse Sicréidí raidhfil ag brú amach as fál (hedge)  ar chúrsa gailf West Palm Beach, áit a raibh an t-iaruachtarán ag imirt ar an 15 Meán Fómhair.

Thosaigh an nóta leis na focail, ‘A Domhain uasal’. Cuireadh i mbosca é a bhí i dteach duine anaithnid (unknown) a chuaigh i dteagmháil le póilíní tar éis do Routh a ghabháil.

Níor oscail an duine an bosca, a raibh lón lámhaigh (ammunition) ann freisin, go dtí gur gabhadh Routh.

Dúradh sa nóta: ‘A Dhomhan uasal. Is iarracht feallmharaithe (assassination) a bhí sé seo ar Donald Trump, ach theip orm sibh. Rinne mé mo dhícheall leis an “gumption” ar fad a d’fhéadfainn a bhailiú.

‘Tá sé fúibhse anois an post a chríochnú; agus tairgfidh mé $150,000 do dhuine ar bith atá in ann an jab a chríochnú.’

Creideann imscrúdaitheoirí go raibh Routh, gníomhaí a bhí ar son na hÚcráine, tar éis tailte cúrsa gailf West Palm Beach Trump a bhaint amach ar feadh míosa sular gabhadh é.

Ar lá na heachtra, chuaigh Routh i bhfolach taobh amuigh den chlaí (fence) ag an 6ú poll den chúrsa.

Chonaic gníomhaire de chuid na Seirbhíse Rúnda, a bhí ag patról poll amháin chun tosaigh ar ghrúpa Trump, Routh agus bairille a ghunna.

De réir meamram coinneála (detention memo) na Roinne Dlí agus Cirt: ‘Léim an gníomhaire amach as an gcairt gailf, tharraing sé a arm amach, agus thosaigh sé ag cúlú.

‘Chonaic an gníomhaire an bairille raidhfil ag bogadh, agus scaoil an gníomhaire ag an Routh.

Trump, tar éis iarracht níos luaithe é a mharú
Trump, tar éis iarracht níos luaithe é a mharú

‘Chuaigh an gníomhaire ar foscadh taobh thiar de chrann agus d’athlódáil sé a arm, ansin d’fhéach sé suas agus chonaic sé go raibh Routh imithe.

‘Ghlaoigh an gníomhaire amach thar a raidió gur scaoil an gníomhaire na seatanna agus go raibh duine le raidhfil ann.’

Deir ionchúisitheoirí go raibh Routh in aice leis an 6ú poll agus é ar intinn aige raidhfil leath-uathoibríoch (semi-automatic) le scóip chun Trump a lámhach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram