

Tá sé ráite ag Aire Anne Rabbitte le cúirt nach ndéanfaidh sí dearmad go deo ar chuma fear a chaith mála aoiligh bó (cow dung) ina treo ag cruinniú poiblí.
Bhí an tAire Sláinte Sóisearach ag gol sa chúirt agus í ag caint faoin eachtra.
Tharla sé ag cruinniú poiblí lán faoi mhonarcha bithgháis (biogas plant) a bhí beartaithe don nGort, Co. na Gaillimhe, in Óstán Sullivan’s Royal, An Gort, ar 4 Eanáir 2023.
Dúirt Rabbitt, TD do Ghaillimh Thoir, le Cúirt Dúiche an Ghoirt, in Inis: ‘Theastaigh uaim scread a ligean mar ní dúirt éinne go raibh an rud a bhí ag tarlú mícheart.’

Dúirt sí sa chúirt gur ‘roghnaigh’ an feirmeoir Joseph Baldwin í. Dúirt sí: ‘Níor mhothaigh mé sábháilte i spás poiblí leis na daoine a thogh mé.
‘Bhraith mé go raibh mé ar an duine is leochailí sa seomra. Níor mhothaigh mé sábháilte.’
Dúirt Rabbitte go ndeachaigh sí chuig gardaí mar, ‘seo líne agus bhraith mé gur crosadh é an oíche sin agus níor labhair aon duine ar mo shon agus bhí orm labhairt ar mo shon féin.’
Dúirt sí go bhfaca sí go raibh fear tar éis mála ábhair a chaitheamh i dtreo a comhghleacaí as Gaillimh Thoir, Ciaran Cannon ó Fhine Gael.
Thaispeáin scannán TCI (teilifís ciorcad iata, CCTV) a bhí le feiceáil os comhair na cúirte go ndúirt Baldwin: ‘Seo duit mála bó s***e.’ Agus ansin chaith sé an mála i dtreo Cannon.
Thaispeáin píosaí scannáin TCI Baldwin ag casadh thart agus ansin mála a chaitheamh i dtreo Rabbitte. Chuala an chúirt ó fhinné go raibh ‘substaint leacht glas’ sa mhála.
Dúirt an t-aire sóisearach go raibh an fear ‘thar a bheith feargach – bhí a aghaidh dearg. A shúile bána ní dhéanfaidh mé dearmad orthu.’
Dúirt sí go dúirt an fear léi: ‘Níl mé ag déanamh dearmad fút’. Dúirt sí go ndúirt sé, “Tá ceann duitse, a Rabbitte”. Tar éis don mhála titim ar an talamh in aice léi, dúirt sí: ‘Ní raibh a fhios agam an raibh an dá chois ag dul asam. Phioc duine éigin suas é agus dúirt sé gur mála s**t a bhí ann.’
Séanann Joseph Baldwin, 39, as Baile an Fhinín (Ballyaneen), An Gort, ionsaí a dhéanamh ar Ms Rabbitte, contrártha d’Alt 2 den Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in aghaidh an Duine.
Dúirt sé le Gardaí, ar lá na heachtra: ‘Chuaigh mé síos go dtí clós na feirme agus chuir mé aoileach tirim bó isteach i málaí Ziplock. Ní raibh aon bholadh as na málaí agus chinntigh mé go raibh siad slán.’
Maidir leis an bhfáth ar thug sé leis na málaí chuig an gcruinniú, dúirt sé: ‘Dúirt mé liom féin, “tá mo dhóthain faighte agam”, b’éigean rud éigin a dhéanamh dóibh chun éisteacht linn, agus a thaispeáint dóibh go raibh sé do-ghlactha go gcaithfí mar seo leis an bpobal. ‘
Dúirt Daragh Hassett, aturnae do Baldwin, gur dúirt ochtar finné, a thug ráitis do ghardaí, nár bhuail an mála an tAire.
Dúirt sé: ‘Tá a leagan d’imeachtaí tagtha chun cinn le fiche mí anuas.
‘Dúirt sí leis na gardaí go raibh sí lánchinnte gur bhuail mála í ar a corp uachtarach ar dheis.
Glanann an scannán TCI ainm mo chliant mar níor bhuail mála ar bith Ms Rabbitte. Bhí a n-iompar sa bhosca finnéithe mothúchánach ón tús.
Dúirt Hassett le Rabbitte: ‘Ní hé seo an Dáil anois. Ní féidir leat a bheith ag déanamh óráidí.’

Dúirt an tAire: ‘Braithim go fóill é. Ní féidir leat mo mhothúcháin a dhiúltú dom.’
Dúirt an t-abhcóide ionchúisimh Geri Silke: ‘Is léir go bhfuil dul amú uirthi faoin mála a bhuail í. Mhothaigh sí gur bhuail sé í agus chreid sí gur bhuail sé í.’
Dúirt Baldwin; ‘Níl mé ag gabháil mo leithscéal mar creidim gurb é an t-aon rud a bhí mé in ann a dhéanamh chun tuairimí an phobail a chur in iúl agus níor ghortaigh mé aon duine sa phróiseas.’
Chuir an Breitheamh Alec Gabbett an cás ar atráth go Cúirt Dúiche na hInse ar 2 Deireadh Fómhair, áit a rialóidh sé ar an iarratas ar chosaint an cás a dhíbhe (dismiss).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.