Fiosrúchán ar dhúnmharú Pat Finucane, tar éis 35 bliain

11/09/2024

Molann Simon Harris an teaghlach Finucane a bhí i mbun feachtais le 35 bliain ar son na fírinne agus an cheartais

Tá sé ráite ag rialtas na Breataine, faoi dheireadh, go mbeidh fiosrúchán poiblí ar bun faoi naisc idir fórsaí an stáit agus dúnmharú Pat Finucane.

Dúnmharaigh paraimíleataigh dhílseacha (loyalist paramilitaries) an t-aturnae ó Bhéal Feirste i 1989.

Lámhaigh baill den UDA an tUasal Finucane, a bhí 39 bliain d’aois, ag teach a mhuintire i dtuaisceart Bhéal Feirste i mí Feabhra na bliana sin

Fuarthas amach cheana féin i roinnt imscrúduithe go raibh claonpháirteachas (collusion) leis an stát san ionsaí.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris go raibh fógairt fiosrúchán poiblí faoin dúnmharú mar chuid de ‘chur chuige nua’ de chuid rialtas na Breataine ar cheisteanna oidhreachta sa Tuaisceart
Dúirt an Taoiseach Simon Harris go raibh fógairt fiosrúchán poiblí faoin dúnmharú mar chuid de ‘chur chuige nua’ de chuid rialtas na Breataine ar cheisteanna oidhreachta sa Tuaisceart

Bhí a bhaintreach Geraldine agus a dtriúr leanaí i mbun feachtais le blianta fada anuas, le haghaidh fiosrúchán poiblí chun a fháil amach cé chomh páirteach is a bhí na fórsaí slándála.

Tá mac Pat Finucane, John, ina MP do Bhéal Feirste Thuaidh do Shinn Féin.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris go raibh fógairt fiosrúchán poiblí faoin dúnmharú mar chuid de ‘chur chuige nua’ de chuid rialtas na Breataine ar cheisteanna oidhreachta sa Tuaisceart.

Dúirt an tUasal Harris: ‘Is fianaise é inniu ag Geraldine Finucane  agus a teaghlach atá i mbun feachtais le blianta fada ar son na fírinne agus an cheartais.

‘Labhair mé le John Finucane ar an bhfón tráthnóna inné chun béim a leagan ar an tábhacht bhuan a leagann mise, mar Thaoiseach, agus an Rialtas, ar an dul chun cinn i gcás a athair,’ a dúirt sé.

‘Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do cheannaireacht an Phríomh-Aire Keir Starmer agus an Rúnaí Stáit Hilary Benn as teacht ar an gcinneadh seo.’

 Keir Starmer, beidh fiosrúchán faoi dhúnmharú Pat Finucane
Keir Starmer, beidh fiosrúchán faoi dhúnmharú Pat Finucane

Dúirt an tUasal Harris: ‘Phléigh an Príomh-Aire Starmer agus mé féin cás Pat Finucane, lena n-áirítear chomh déanach leis an Satharn seo caite nuair a bhuaileamar le chéile i mBaile Átha Cliath, agus mar athleanúint ar phlé roimhe seo in Checkers i mí Iúil.

‘Tá sé curtha in iúl agam don Phríomh-Aire go bhfuilimid réidh oibriú leis agus lena rialtas ar cheisteanna oidhreachta.’

Thug Rúnaí an Tuaiscirt Hilary Benn an fógra do Theach na dTeachtaí.

Chuir John Finucane fáilte roimh an bhfógra.

‘Is lá inniu é do m’athair, Pat Finucane,’ a phostáil sé ar shuíomh meáin shóisialta X.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram