Féach ar na pictiúir: Ar díol! Killead, ceann de na tithe is suntasaí i mBaile Átha Cliath

11/09/2024

Tá an teach seo, Killead, do lucht rachmais (exclusive), ar chúinne idir Bóthar Shrewsbury agus Bóthar Ailesbury – ach níl sé ar fáil ar airgead Monopoly

Caithfidh ‘Killead’ a bheith ar an teach is suntasaí ag Droichead na Dothra (Ballsbridge) agus tá sé imithe ar an margadh tar éis na mblianta sa teaghlach céanna.

Is annamh a thagann tithe ar díol ar Bhóthar Shrewsbury, an bóthar is daoire i mBaile Átha Cliath 4.

Killead
Killead

Tá Bóthar Shrewsbury níos eisiach (exclusive) ná a chomharsa (neighbour) BótharAilesbury, mar a bheidh a fhios ag aon duine a d’imir Monopoly.

Mar sin féin, tagann an deis anois teach iontach Éadbhardach (Edwardian), a cheannach a shíneann trasna an dá bhóthar in áit thábhachtach.

Tá ‘Killead’ ar 23 Bóthar Shrewsbury ar chúinne Bhóthar Shrewsbury agus Bóthar Ailesbury.

Tá ‘Killead’ ina sheasamh freisin ar 1.4 acra den réadmhaoin is fearr i mBaile Átha Cliath 4, le faiche (lawn) mhaisithe, geataí leictreacha, cabhsa gairbhéil (gravel driveway) agus teach brící dearga atá foirfe do phictiúr.

Laistigh den talamh tá cúirt leadóige, teach samhraidh agus gairdíní aibí áille.

8079a320 0626 42dd bbc4

Meastar go forleathan é mar an teach is suntasaí sa cheantar agus is cinnte go meallfaidh sé ceannaitheoirí saibhre thar lear.

Tá ‘Killead’ lán de mhionsonraí ornáideacha seanré (period) chomh maith, mar shimléir ó urlár go síleáil, chomh maith le snoiteán (carvings) áille ar mhatal (mantelpiece) an tseomra suí.

Tá cistin ar stíl teach faoin tuath ann, agus amach ón gcistin tá an seomra suí, an seomra bia agus an seomra suite (living room) .

Níos faide isteach sa teach, tá seomra gréine, grianán (conservatory) agus pictiúrlann.

Tá cúig sheomra leapa thuas staighre ag ‘Killead’, ceann acu atá réidh le húsáid mar staidéar faoi láthair, ar féidir teacht air trí dhá staighre.

Is leis an teaghlach céanna le 45 bliain, atá i ngnó na pictiúrlainne, at teach.

Tagann sé ar an margadh freisin le teach eile atá ar a chúl, ag 40A Bóthar Ailesbury.

‘The Grove’ a thugtar ar an teach seo agus ‘Mulcaire’ a thugtaí air roimhe seo, is teach ceithre sheomra leapa é ar phíosa talún 0.4 acra.

Ceannaíodh The Grove le déanaí ar €3.3 milliún.

Killead
Killead

Nascann cosán beag taobh thiar de chúirt leadóige Killead an dá réadmhaoin.

Tá an praghas don dá réadmhaoin ar iarratas ach creidtear go bhfuil sé thart ar €20 milliún, le Lisney Sotheby’s International Realty Ballsbridge.

Tá an díolachán á láimhseáil ag Stephen Day, rud a bheidh gan dabht ná díolachán 2024 má aimsíonn siad ceannaitheoir luath go leor.

Tá spriocdháta na tairisceana (tender) socraithe don 30 Deireadh Fómhair, agus beidh tairiscintí ag teastáil faoi mheán lae.

Cé nach bhfuil praghsanna fiafraí oifigiúla nochta, táthar ag súil go dtarraingeoidh Killead agus a fhorais tairiscintí os cionn €15 milliún, agus is dócha go bhfaighidh The Grove praghas os cionn €4 milliún.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram