An aimsir don Déardaoin, agus réamhaisnéis don deireadh seachtaine ó Met Éireann: Lá geal le ceathanna

11/09/2024

Nuashonraithe maidin Déardaoin: Na tuarascálacha aimsire is déanaí le naisc chuig nuashonruithe (updates) ó Met Éireann 

An aimsir don Déardaoin: Beidh sé ina lá geal, le solas na gréine. Beidh ceathanna scaipthe thart freisin, go háirithe ar maidin agus ar feadh tamaill san iarnóin.

Mar sin féin beidh na ceathanna imithe níos déanaí. An teocht is airde de 10 go 15 céim i ngaoth éadrom go measartha ó thuaidh.

Beidh oíche Dhéardaoin tirim le tréimhsí soiléire ar feadh cuid mhaith den oíche ach beidh scamall san iarthar ar maidin. Fuar le teocht is ísle de 3 go 6 céim le gaotha éadrom.

An Aimsir don Aoine

Tirim maidin Dé hAoine, le tréimhsí gréine sa tuaisceart agus san oirthear. Éiríonn sé scamallach le ráigeanna báistí agus ceobhráin ag síneadh ar fud na tíre ón iarthar.

An teocht is airde de 11 go 15 céim le gaoth éadrom go measartha ó dheas go dtí an t-iardheisceart.

Oíche Aoine beidh sé scamallach le ráigeanna báistí nó ceobhrán. An teocht is ísle idir 8 agus 13 céim i ngaoth éadrom go measartha ó dheas.

.

An Aimsir don Satharn

Scamaill agus grianmhar le báisteach ag bogadh soir trasna na tíre. Teochtaí is airde de 15 go 17 céim le gaotha measartha ó dheas.

Oíche Shathairn leanfaidh an bháisteach ag glanadh ó dheas tríd an oíche le sealanna soiléire agus roinnt ceathanna tar éis an ghlanta.

Teochtaí is ísle de 11 go 15 céim, is séimhe (mildest) sa deisceart agus san oirdheisceart i ngaotha éadroma.

An Aimsir don Domhnach

Glanfaidh aon bháisteach leanúnach an cósta theas, agus beidh tréimhsí gréine agus ceathanna ina dhiaidh don Domhnach.

Táthar ag súil leis an chuid is mó de na ceathanna sa tuaisceart agus san iarthar.

Teochtaí is airde de 15 go 18 céim, is séimhe san oirdheisceart i ngaotha éadrom.

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram