Athraigh na rialacha ar ‘granny flats’ agus beidh 350,000 teach nua ann, a deir ‘think-tank’

Is meitheal mhachnaimh (think tank) nua é Progress Ireland le smaointe ar bheartas poiblí, arna mhaoiniú (funded) ag na deartháireacha billiúnaí (billionaire brothers) Patrick agus John Collison

Dá ligfí do dhaoine tógáil ina ngairdíní d’fhéadfadh go mbeadh 350,000 teach eile againn, dar le meitheal mhachnaimh (think tank) nua.

Is iad Progress Ireland an meitheal mhachnaimh nua agus tá sé maoinithe ag Patrick agus John Collison, na deartháireacha rathúla atá ina mbilliúinéirí.

Dá ligfí do dhaoine tógáil ina ngairdíní d’fhéadfadh go mbeadh 350,000 teach eile againn
Dá ligfí do dhaoine tógáil ina ngairdíní d’fhéadfadh go mbeadh 350,000 teach eile againn

Is iad seo na deartháireacha taobh thiar den fhathach íocaíochtaí domhanda, Stripe.

Teastaíonn ón meitheal mhachnaimh go n-athródh an Rialtas na rialacha pleanála chun go bhféadfaí níos mó tógála a dhéanamh i ngairdíní nó ‘granny flats’ a thógáil.

Deir sé go gceadódh ‘athrú beag ar na rialacha’ do dhaoine teach a thógáil ina ngairdíní.

Faoi na rialacha reatha, is féidir le húinéirí le teach oifigí nó ceardlanna a thógáil ina ngairdíní cúil ach ní féidir le húinéirí atá teach acu cónaí iontu.

Dúirt urlabhraí Progress Ireland Seán O’Neill McPartlin le Newstalk: ‘Ar fud na tíre, feicfidh tú struchtúir in airde i ngairdíní. Feicfidh tú oifigí baile, stiúideonna b’fhéidir, “gyms” as úsáid.

‘Mar sin, is é an rud atá á mholadh againn ná, nuair a ligeadh duit na struchtúir seo a thógáil gur cheart go mbeidh cead ag úinéirí tí teach beag a thógáil.’

Tá easnamh 200,000 teach agus ganntanas talún sna ceantair ina bhfuil an t-éileamh is mó ar thithíocht, dar leis an gCoimisiún Tithíochta.

Áitíonn Progress Ireland: ‘Tá srianta ar a dtugann siad seomraí scoite.

‘Mar sin, a luaithe a dhéanann tú an áit chónaithe i do ghairdín cúil, teach le bealach isteach ar leith, deir an plean forbartha, “Níl sé sin ceadaithe”.’

Dóibh siúd a bhí buartha faoi fhorbairtí móra atá á dtógáil i ngairdín cúil a gcomharsan, dúirt siad nach bhfuil aon chúis acu a bheith níos mó ná na struchtúir atá ann cheana féin.

Faoin gcóras pleanála, is féidir leat garáiste, seid nó struchtúr comhchosúil a thógáil chomh fada agus nach bhfuil sé níos mó ná ceithre mhéadar ar airde.

Tá sé i gceist ag Progress Ireland ‘réitigh phraiticiúla’ a fhorbairt a mhéadóidh soláthar tithíochta agus bonneagar an náisiúin
Tá sé i gceist ag Progress Ireland ‘réitigh phraiticiúla’ a fhorbairt a mhéadóidh soláthar tithíochta agus bonneagar an náisiúin

Ní mór dó a bheith níos mó ná 25 méadar cearnach agus a bheith ar chúl nó ar thaobh do theach.

Tá sé i gceist ag Progress Ireland ‘réitigh phraiticiúla’ a fhorbairt a mhéadóidh soláthar tithíochta agus bonneagar an náisiúin.

Tá sé mar aidhm ag an meitheal smaointe taighde domhain a dhéanamh ar shaincheisteanna beartais phoiblí.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram