Bíonn ‘vapers’ óga chomh míshláintiúil le daoine a chaitheann tobac

08/09/2024

Léiríonn taighde nua an chontúirt a bhaineann le ‘vaping’ go háirithe do dhaoine óga

Dúirt taighdeoirí go léiríonn staidéar nua go bhfuil úsáid fhadtéarmach ‘vapes’ ag ‘vapers’  an-dochar dár sláinte

Léiríonn siad nach rogha eile níos sláintiúla é an rud atá ar siúl ag ‘vapers’  ná caitheamh tobac.

Áiríodh sa staidéar, a rinne foireann ó Manchester Metropolitan University, 60 duine ina 20í a raibh gnáthfheidhm scamhóg acu go léir.

Bhí an tríú cuid nach raibh tobac acu agus ní raigh siad ‘vapers’, bhí trian eile mar ‘vapers’  ar feadh dhá bhliain ar a laghad agus bhí an tríú cuid eile ag caitheamh tobac ar feadh dhá bhliain nó níos mó.

Ghlac gach duine páirt i dtástáil aclaíochta ar rothar statach.

Léirigh anailís go raibh toilleadh (capacity) níos ísle ag na ‘vapers’ óga ná an grúpa nach raibh vape nó tobac a chaitheamh acu.
Léirigh anailís go raibh toilleadh (capacity) níos ísle ag na ‘vapers’ óga ná an grúpa nach raibh vape nó tobac a chaitheamh acu

Is é seo an bealach is fearr chun cumas fisiceach a thástáil agus cé chomh maith agus a dhéileálann duine le haclaíocht.

Déanann sé tástáil ar a gcroí, a scamhóga (lungs)  agus a matáin (muscles) ag leibhéil mhéadaitheacha go dtí go sroicheann siad a n-uasleibhéal.

Tugadh tástálacha fola agus scanadh ultrafhuaime dóibh freisin chun anailís a dhéanamh ar chomh maith agus a bhí a n-artairí ag feidhmiú.

Léirigh anailís go raibh toilleadh (capacity) níos ísle ag na ‘vapers’ óga ná an grúpa nach raibh vape nó tobac a chaitheamh acu.

Tháirg siad 186 vata (watts) i gcomparáid le 226 vata.

Léiríonn an beart seo an t-uasmhéid aclaíochta coirp is féidir le duine a bhaint amach.

Bhí an chuid is fearr a rinne na vapers cosúil leis na caiteoirí tobac, a bhí ag 182 vata ar an meán.

Thug na ‘vapers’ agus daoine a chaitheann tobac níos lú ocsaigine isteach ar an meán freisin i gcomparáid leis an ngrúpa nach raibh ag caitheamh tobac nó ag vapáil.

Bhí 2.7 lítear ag ‘vapers’, bhí 2.6 lítear ag daoine a chaitheann tobac agus bhí trí lítear ag daoine nach raibh ag caitheamh tobac nó ag vapáil.

Léirigh tástálacha fola agus scananna ultrafhuaime nach raibh a gcuid fuileadáin (blood vessels) ag obair chomh maith ag na ‘vapers’ agus ag dhaoine a chaitheann tobac.

Bhí na daoine a chaitheann tobac agus na ‘vaper’  níos mó as anáil freisin, bhí tuirse na gcosa dian orthu agus bhí leibhéil níos airde de lachtáit ina gcuid fola – comhartha tuirse matán – fiú sular bhain siad a n-uasleibhéal aclaíochta amach.

Chuir an Dr Azmy Faisal na torthaí i láthair ag Comhdháil Chumann Riospráide na hEorpa (European Respiratory Society, ERS) i Vín (Vienna).

Thug na ‘vapers’ agus daoine a chaitheann tobac níos lú ocsaigine isteach ar an meán
Thug na ‘vapers’ agus daoine a chaitheann tobac níos lú ocsaigine isteach ar an meán

Dúirt sé: ‘Ba mhór an iomarca análaithe a bhí ag na caiteoirí tobac agus ag na ‘vapers’ agus iad ag úsáid na rothair aclaíochta.

‘Ní raibh siad chomh aclaí ar an iomlán. Maidir leis seo, léirigh ár dtaighde nach fearr an “vaping”  ná caitheamh tobac.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram