Demi nocht: ‘I ndáiríre, déanaim é toisc go bhfuil mé neamhchinnte faoi mo chorp’

05/09/2024

Bíonn an t-aisteoir Demi Moore, atá 61 bliain d’aois,  nocht go minic in irisí, fiú uair amháin agus í ag iompar clainne, ach is é seo an fáth

Tá Demi Moore ar dhuine de na haisteoirí is suntasaí agus is gile ar domhan agus tá sí ag feidhmiú le breis is 40 bliain.

Ach tá sé tugtha le fios ag Demi gurb é an ‘mhíthuiscint is mó’ fúithi ná go raibh ‘meas aici dá corp’ i gcónaí.

D’admhaigh an réalta Ghost, atá 61 bliain d’aois, gur ghlac sí fiú róil a bhain le nochtacht (nudity) chun dul thar a cuid féin-amhras.

Dúirt Demi: ‘Ceann de na míthuiscintí is mó fúm ná go raibh meas agam do mo chorp'
Dúirt Demi: ‘Ceann de na míthuiscintí is mó fúm ná go raibh meas agam do mo chorp’

Dúirt sí: ‘Ceann de na míthuiscintí is mó fúm ná go raibh meas agam do mo chorp.

‘Is é fírinne an scéil go rinne mé tionscadail áirithe a thabharfadh deis dom neamhchinnteacht a shárú.’

In agallamh leis an iris Variety, dúirt sí: ‘Bhí sé mar an gcéanna le nochtacht do chlúdach Vanity Fair.

‘Níorbh é gur thaitin sé liom, is é a bhí i gceist ná iarracht a dhéanamh mé féin a shaoradh ó spás an sclábhaíocht (space of enslavement) a chuir mise mé féin isteach ann.’

D’éirigh daoine ina seasamh chun bualadh bos a thabhairt ar feadh 13 nóiméad do scannán nua Demi Moore, The Substance, ag Féile Scannán Cannes níos luaithe i mbliana.

Tá sí ina réalta mar Elisabeth, teagascóir aclaíochta atá ag dul in aois a chláraíonn do réimeas mistéireach leighis a gheallfaidh go gcruthóidh sé an leagan foirfe, níos óige di féin –  is í Margaret Qualley, atá 29 bliain d’aois, an duine óg.

I radharc amháin, scrúdaíonn carachtar Demi a corp nocht sula dtugtar ‘breith’ ar charachtar Ms Qualley.

Níl Demi tar éis éalú ó radhairc dá leithéid san am a chuaigh thart, ach an oiread.

D'éirigh daoine ina seasamh chun bualadh bos a thabhairt ar feadh 13 nóiméad dá scannán nua
D’éirigh daoine ina seasamh chun bualadh bos a thabhairt ar feadh 13 nóiméad dá scannán nua

Bhí cuma nocht uirthi agus í ag i ról Piúratánach (Puritan) ón 17ú haois in The Scarlet Letter i 1995, agus arís nuair a bhí sí ina réalta i Striptease i 1996.

Bhí Demi ar roinnt clúdach irise freisin, lena n-áirítear eagrán Eanáir 1981 den iris do dhaoine fásta, Oui. I mí Lúnasa 1991, bhí sí nocht ar chlúdach Vanity Fair agus í seacht mí ag iompar clainne leis an dara duine dá triúr iníon.

Agus bliain ina dhiaidh sin sheas sí do Vanity Fair arís, faoin teideal ‘Demi’s Birthday Suit’.

Bhí sí nocht freisin i mí Dheireadh Fómhair 2019 le haghaidh Harper’s Bazaar.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram