Ní túisce a d’fhógair Sinn Féin a bplean tithíochta nua, a cuireadh le chéile go cúramach, nuair a bhí Simon Harris ag magadh faoi.
Má bhí comhartha ag teastáil uainn go mbeidh toghchán ann roimh an Nollaig, agus go mbeidh Tithíocht ina ceist mhór ann, ba sin é.
Tá plean Shinn Féin an-mhionsonraithe. Tá go leor smaointe ann ar labhair a n-urlabhraí Tithíochta Eoin Ó Broin fúthu cheana.
Ach go príomha deir siad go dtógfaidh siad 300,000 teach nua thar chúig bliana ar chostas €39 billiún. Sin an-chuid airgid ach oibríonn sé amach ag €130,000 in aghaidh an tí.
Tá plean Shinn Féin costasach ach deir siad go bhfuil siad in acmhainn é, trí ghearradh siar ar phleanáil fhadtéarmach.
Deir siad má éiríonn leo dóthain tithe a thógáil go mbeidh níos mó airgead ann don phleanáil fhadtéarmach níos déanaí.
Dúirt an Taoiseach Simon Harris nach bhfuil mórán ann do cheannaitheoirí céaduaire (first-time buyers) agus go bhfuil pleananna an Rialtais ag obair cheana féin.
Pé acu atá ceart, is cinnte go bhfuil plean ag Sinn Féin go leor airgid agus iarrachta a chur isteach sa tithíocht.
Tá siad chun €4 billiún níos mó ná an Rialtas a chaitheamh ar thithíocht, gach bliain, ar feadh cúig bliana, má thoghtar iad, a dúirt Pearse Doherty, urlabhraí Shinn Féin ar Airgeadas.
Dúirt sé gur féidir leo é seo a dhéanamh gan níos mó airgid a fháil ar iasacht agus gan cánacha a ardú.
Agus dúirt sé go bhfuil sé níos ciallmhaire an fhadhb seo a réiteach anois, ná an t-airgead sin a choinneáil le haghaidh feabhsúcháin amach anseo.
300,000 teach thar cúig bliana ar €39 billiún;
175,000 teach le tógáil ag forbróirí príobháideacha;
125,000 teach tógtha ag an Stát do riachtanais
shóisialta agus inacmhainne (affordable).
Costas: Chosnódh tithe inacmhainne
dir €250,000 agus €300,000 an ceann.
Do cheannaitheoirí céaduaire: Ní bheadh orthu an
cháin dhleacht stampála (stamp duty) a íoc
nuair a cheannaíonn siad teach nua
arbh fhiú níos lú ná €450,000 é.
Do dhaoine scothaosta: Bheadh 10,000 teach
sóisialta agus inacmhainne ann dóibh.
Dúirt Sinn Féin freisin go mbunóidís comhlacht
ógála faoi stiúir an Stáit agus go ndéanfaidís
iarracht tithe a thógáil gan úsáid a bhaint as
comhlachtaí a dhéanann brabús.
Dúirt ceannaire an pháirtí Mary Lou McDonald: ‘Is é an plean seo an bealach chun cinn. Tá na freagraí aige seo don earnáil cíosa, don tithíocht phoiblí agus don mhargadh príobháideach freisin.
‘Táimid ag déanamh beart de réir ár mbriathair. Táimid ag tabhairt gealltanas an-mhór do dhaoine gurb é seo an tosaíocht is mó do rialtas Shinn Féin.
‘I ngach áit a dtéann muid, deir gach duine a labhraímid leo gurb é seo an cheist atá le réiteach.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.