An seanphort céanna! Páistí ar ais ar scoil, iar-mhúinteoir Enoch Burke ar ais sa phríosún

Enoch Burke i bpriosún arís ach fós ag fáil a phá agus níl pingin den fhíneáil íoctha aige

Tá an múinteoir meánscoile Enoch Burke seolta ar ais go príosún ag an Ard-Chúirt.

Seo é an tríú huair dó ag dul ar ais sa phríosún as ordú cúirte a shárú.

Tráthnóna Dé Luain, d’ordaigh an Breitheamh Michael Quinn go gcuirfí Burke arís go Príosún Mhuinseo (Mountjoy) go dtí go nglanfadh sé a dhíspeagadh cúirte (purge his contempt).


Thosaigh Burke ag freastal ar an scoil arís agus scoláirí agus múinteoirí ar ais ar an scoil tar éis shos an tsamhraidh
Thosaigh Burke ag freastal ar an scoil arís agus scoláirí agus múinteoirí ar ais ar an scoil tar éis shos an tsamhraidh

Níos luaithe ar an Luan, gabhadh é agus tugadh chun na hArd-Chúirte é mar bhí sé ag an scoil ina raibh sé fostaithe roimhe seo.

Ar an Aoine, 30 Lúnasa, d’eisigh an Ard-Chúirt barántas ag rá gur cheart Burke a thabhairt os a gcomhair.

Sé sin mar gheall ar éilimh gur sháraigh sé ordú tar éis dó freastal ar Scoil Otharlann Wilson i gCo na hIarmhí (Westmeath).

Chuir an Ard-Chúirt urghaire buan (permanent injunction) amach, ag ordú dó fanacht amach ón scoil.

Mar sin féin, thosaigh Burke ag freastal ar an scoil arís agus scoláirí agus múinteoirí ar ais ar an scoil tar éis shos an tsamhraidh.

Dúradh sna cúirteanna, an tseachtain seo caite, go raibh láithreacht leanúnach Burke sa scoil ag éirí strusmhar (stressful) do mhúinteoirí agus do dhaltaí.


Séo mar atá an scéal

Tá 400 lá caite i bpríosún cheana féin ag Burke

Gearradh fíneáil €700 sa lá air – ach níl pingin íoctha aige

Ní dhearnadh aon iarracht an t-airgead a fháil

Tá sé ag fáil íoctha FÓS toisc nár éisteadh lena achomharc

Bhí Burke, iar-mhúinteoir, i bpríosún faoi dhó as an ordú cúirte céanna a shárú.


Dúradh go raibh duine anaithnid eile le Burke, ar áitreabh na scoile, chun tacaíocht a thabhairt dó, agus go raibh siad ina mbaol sláinte agus sábháilteachta dóibh siúd a bhí ag staidéar agus ag obair ar thailte na scoile.

Bhris Scoil Otharlann Wilson Burke as a phost i mí Eanáir na bliana seo caite, ach tá sé ag achomharc i gcoinne an dífhostú, rud atá le cloisteáil fós.

Ó Mheán Fómhair 2022, tá breis is 400 lá caite aige sa phríosún ar dhá eachtra inar sháraigh sé orduithe na hArd-Chúirte.

Athscaoileadh é go déanach i mí an Mheithimh.

Bhris Scoil Otharlann Wilson Burke as a phost i mí Eanáir na bliana seo caite
Bhris Scoil Otharlann Wilson Burke as a phost i mí Eanáir na bliana seo caite

Roimhe seo ghearr an Ard-Chúirt fíneáil €700 in aghaidh gach lae a d’fhreastail Burke ar an scoil, ach tá sé fós ag diúltú géilleadh don urghaire.

Chualathas ag éisteachtaí na hArd-Chúirte roimhe seo nach bhfuil an fhíneáil íoctha ag Burke, agus nár glacadh aon bhearta chun iallach a chur air í a íoc.

Ina theannta sin, tá sé cloiste ag an gcúirt cheana féin go bhfuil Burke fós ag fáil a phá iomlán, fad is atá an t-achomharc á phróiseáil.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram