Agus na mílte i riaráistí (arrears) tá tacaíocht fuinnimh beartaithe ag Sinn Féin

01/09/2024

Díreoidh moltaí Shinn Féin don chéad Bhuiséad eile ar chostas fuinnimh sa teaghlach

Molfaidh Sinn Féin dhá thacaíocht costais mhaireachtála, le comhchostas de bhreis agus €1 billiún ina ‘bhuiséad malartach’ do 2025, a thuairiscigh an Irish Mail on Sunday ag an deireadh seachtaine.

Áiríonn togra buiséid an Urlabhraí Airgeadais Pearse Doherty don bhliain fhioscach atá romhainn fócas ar fhuinneamh tí.

Geallann Sinn Féin airgead a chur ar ais i bpócaí daoine trí chreidmheasanna leictreachais agus íocaíochtaí breosla (fuel).

Dúirt an páirtí go dtacódh sé le teaghlaigh le creidmheas leictreachais €450 an fómhar agus an geimhreadh seo, má bhíonn sé sa rialtas.

Pearse Doherty as Sinn Féin
Pearse Doherty as Sinn Féin

Tá íocaíocht Liúntais Breosla (Fuel Allowance) €300 geallta ag Sinn Féin freisin.

Ag an am céanna tuairiscítear go raibh níos mó ná 230,000 teaghlach i riaráiste (arrears) ar a mbillí leictreachais ag deireadh mhí Aibreáin na bliana seo.

Dúirt urlabhraí as Sinn Féin: ‘Tá teaghlaigh fós ag streachailt faoi chostais na mbillí arda fuinnimh.

‘Bhí praghsanna leictreachais i mí Iúil na bliana seo 47% níos airde ná mar a bhí siad trí bliana ó shin i mí Iúil 2021.

‘Agus bhí praghsanna gáis i mí Iúil na bliana seo 84% níos airde ná mar a bhí siad trí bliana ó shin i mí Iúil 2021.

‘Agus tá praghsanna leictreachais na hÉireann fós ar na cinn is airde san Aontas Eorpach,’ a dúirt Sinn Féin.

Dúirt an t-urlabhraí freisin gur cuireadh figiúirí ar fáil d’Fheisire Eorpach Shinn Féin Lynn Boylan tar éis di iad a iarraidh.

Léirigh siad go raibh níos mó ná 230,000 teaghlach i riaráiste ar a gcuid billí leictreachais ag deireadh mhí Aibreáin.

Dúirt an t-urlabhraí de chuid Sinn Féin go gcosnódh an beart ‘thart ar €900 milliún’.

Agus tá íocaíocht cnapshuime Liúntas Breosla €300 geallta ag Sinn Féin ina bhuiséad eile. Dúirt an páirtí go gcosnódh sé seo €117.6 milliún.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: POLAITÍOCHT

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram