Tá an-áthas ar lucht leanúna go bhfuil Oasis ag teacht le chéile arís – ach níl sé chomh mór le sonas Mamaí Liam agus Noel Gallagher, Peggy.
Bhí Peggy ‘i gcónaí ag rá’ lena mic: ‘Stopaigí ag argóint!’ Agus beidh sí ‘thar a bheith sásta’ gur chuir siad a ndifríochtaí taobh thiar díobh.
Phléadáil Peggy, atá 81 bliain d’aois, agus as Co. Mhaigh Eo, lena clann mhac Liam, atá 51, agus Noel, atá 57, réiteach a dhéanamh ó thit siad amach go poiblí i 2009.
Theastaigh uaithi go mbeidís ina gcairde, agus ní hamháin ionas go bhféadfadh siad ceol a sheinm le chéile arís.
Tuairiscíodh go raibh iar-ghiotáraí Oasis, Paul ‘Bonehead’ Arthurs, ina dhuine lárnach maidir le deireadh a chur leis an gcruachás.
Bhí Bonehead’ i ról an idirghabhálaí, de réir tuairiscí.
Ghéill Noel tar éis roinnt glaonna gutháin déanacha san oíche idir na deartháireacha as Manchain (Manchester).
Ceaptar gur chuir an gealltanas ar íocaíocht €60milliún ina luí ar an Gallagher shinsir síocháin a dhéanamh.
Is cosúil, áfach, go ndéanfaidh siad i bhfad níos mó ná sin.
Dúirt foinse atá gar do mhuintir Gallagher gur bhreá le Peggy iad a fheiceáil ar ais ag seinm le chéile agus d’impigh sí orthu stop a chur leis an argóint, de réir tuairisce sa Mirror.
Dúirt an fhoinse: ‘Beidh sí thar a bheith sásta leis an méid a tharla.’
Labhair Peggy, a chuaigh ar imirce go Manchain nuair a bhí sí 18 mbliana d’aois, le Liam ar dtús.
Chomh gairid leis an mbliain seo caite, dúirt sí leis stop a chur leis an troid le Noel.
Tharla sé sin le linn sos spá máthar agus mac ag óstán cúig réalta, Cliveden House, i Berkshire i Sasana, roimh a 80ú breithlá.
Agus i scannán faisnéise de chuid Liam, As It Was, a rinneadh i 2019, labhair sí faoina súil le teacht le chéile arís.
Ina suí in aice lena mac is óige, bhí Peggy láidir go leor nuair a dúirt sí leis go raibh siad chun teacht le chéile. ‘Agus sin sin’.
Dúirt Liam ansin go n-éiríonn sé go maith lena dheartháir eile, Paul, agus dúirt sé: ‘Níl dhá cheann as gach trí cinn ró-olc.’
Mar sin féin, d’fhreagair Peggy: ‘Ní hea, ach mar a bhreathnaím air, a stór, tá an saol an-ghearr agus dá dtarlódh rud ar bith do cheachtar duine agaibh, ní bheadh…’
Anois tar éis 15 bliana, tá mian a máthar tugtha faoi dheireadh ag na deartháireacha le chéile arís.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.