Ag teacht go luath: Beidh Grá ar an Trá i bhfad níos gnéasúil agus rud beag níos dána i mbliana

26/08/2024

D’fhéadfadh Love Island go leor a fhoghlaim ón tsraith nua Grá ar an Trá, a deir James agus Síomha

Beidh Grá ar an Trá ar ais ar ár scáileáin teilifíse go luath agus an uair seo, beidh go leor spleodar (spice) breise ann.

Tá sé tugtha le fios ag na hóstaigh James Kavanagh agus Síomha Ní Ruairc go mbeidh an seó i bhfad ‘níos gnéasúil’ agus ‘beagán níos dána’ an séasúr seo.

gra ar an tra 1
Grá ar an Trá le James Kavanagh agus Síomha Ní Ruairc

Tá an dara séasúr Grá ar an Trá le dul thar chosúlachtaí Love Island agus iad ag cuimsiú gach gnéasachta le meascán de dhaoine aeracha agus daoine heitrighnéasach sa teach, agus iad ag súil le grá a aimsiú agus cúpla focal a fhoghlaim freisin.

‘Chuir sé dinimic nua leis an seó, rud nach raibh againn anuraidh’, a dúirt James roimh sheoladh an tséasúir nua ag Virgin Media.

Dúirt sé gur ‘cinnte go bhfeiceann sé Grá ar an Trá ag réiteach an bhealaigh do sheónna ar nós Love Island amach anseo’.

Mhínigh sé a bhród as an seó mar gheall daoine singil atá heitrighnéasach agus aeracha a bheith ar an seó céanna, seachas seónna ar leith a bheith acu.

‘Tá sé go deas iad a bheith measctha agus sílim gur léirigh an seó seo go n-oibríonn sé sin,’ a dúirt James, atá 35 bliain d’aois.

Dúirt Síomha gur chuir an dinimic nua i nGrá ar an Trá spleodar (spice) leis an seó.

‘Thug siad spleodar agus caidrimh bhreise leo nach bhfaca muid anuraidh,’ a dúirt sí.

‘Táim thar a bheith bródúil as a bheith ag obair ar thaispeántas den chineál seo, go bhfuil daoine LGBTQ ann don chéad uair.’

‘Bhí a lán teannas gnéasach sa teach, bhí sé sofheicthe’, a dúirt sí.

Dúirt Síomha: ‘Nuair a bhí James agus mise ag breathnú ó sheomra eile ar scáileán, bhíomar ag rá, “whoa, ní féidir linn fanacht le dul isteach ann agus é sin a mhothú.” Bhí sé iontach.’

Rinne na cairde gáire nuair a mhínigh siad cuid de na rudaí a tharla.

Siomha
Síomha Ní Ruairc

‘Uaireanta ní féidir leis an gceamara iad a fheiceáil, ach is féidir leis an micreafón teacht ar roinnt … torainn,’ a dúirt Síomha agus í ag gáire. Agus d’aontaigh James léi.

Dúirt James: ‘Níl sé mar an gcéanna leis an mbliain seo caite i dtéarmaí formáide. Tá go leor tascanna nua i nGrá ar an Trá.’

Sa bhliain 2023, fuair an clár léirmheasanna iontacha tar éis a chéad chlár a chraoladh, agus geallann James agus Síomha atá os comhair an chláir in éineacht le Gráinne Seoige níos mó drámaíochta an uair seo.

‘Cé gurb é an dara sraith atá ann, is seó úrnua é’, a dúirt James.

Craolfar Grá ar an Trá ar Virgin Media ó 9pm Dé Luain 14 Deireadh Fómhair.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram