Faigheann leanaí ar líne rochtain ar ‘terrorism’, ‘horror’, ábhar gnéasach agus fuath’

18/08/2024

Léiríonn suirbhé nár dúirt ach 25% de leanaí go bhfuil a fhios ag a dtuismitheoirí cad atá ar siúl acu ar líne

Tá rochtain á fháil ag leanaí agus daoine óga in Éirinn ar ‘sceimhlitheoireacht (terrorism), uafás (horror), ábhar gnéasach agus fuath’ ar líne, dar le saineolaithe.

Agus is cúis le méadú ar fhadhbanna meabhairshláinte, imní, neamhoird itheacháin (eating disorders) agus idé-eolaíochtaí antoisceacha (extremist) é seo, a dúirt siad.

Dúirt Alex Cooney gur tharla eipidéim mheabhairshláinte mar gheall ar easpa rialuithe níos déine ag na cuideachtaí móra teicneolaíochta.

Tá Ms Cooney ina príomhfheidhmeannach ar CyberSafeKids, carthanas Éireannach a oibríonn chun sábháilteacht ar líne níos fearr a chinntiú do leanaí agus do dhaoine óga.

cyber feat2
Léirigh suirbhé CyberSafeKids nach dúirt ach 25% de leanaí go bhféadfadh a dtuismitheoirí a bhfuil á dhéanamh acu a fheiceáil ar líne

Dúirt sí go gcothaíonn algartaim na gcuideachtaí ar líne iompar andúileach agus go bhfuil fadhbanna meabhairshláinte tromchúiseacha mar thoradh ar sin.

Ag labhairt di leis an Irish Mail on Sunday, dúirt sí: ‘Tá an oiread sin rudaí laistigh de na timpeallachtaí seo a chuireann leanaí i mbaol.

‘Is cúis mhór imní dúinn an cineál ábhair a nochtar do leanaí ar líne.

‘Tá na timpeallachtaí ar líne seo, sa chaoi a ndeartar iad faoi láthair, contúirteach do leanaí.

‘Cuireann na fothaí algartam-tiomáinte (algorithm-driven feeds) leanaí i gcoinicéar (maze, ie rabbiit hole).

‘Socraíonn siad leasanna a spreagfaidh rannpháirtíocht. Tá a fhios acu go mbeidh eagla agus fearg níos tarraingtí.

‘Mar sin an cineál ábhair a bheidh ann do bhuachaillí, bíonn siad fearúlacht nimhiúil (mascullinity toxic) agus frithbhanda(misogynistic).

‘Agus ansin tá ábhar neamhord itheacháin (eating disorder) ann.’

Léiríonn suirbhéanna a rinne CyberSafeKids ar pháistí ocht mbliana d’aois agus níos sine gurb iad aipeanna ar nós TikTok, Snapchat, Whatsapp, YouTube agus Roblox na cinn is coitianta i measc leanaí na hÉireann.

Dúirt Ms Cooney gur féidir leis na suíomhanna seo a bheith an-mhíthreorach (misleading) ina margaíocht.

‘Go hiondúil chuirfí síos ar Roblox mar ardán cluichíocht (gaming) ach tá go leor gnéithe aige atá cosúil leis na meáin shóisialta, ar nós an cumais (ability) chun nascadh le daoine nach bhfuil aithne agat orthu, agus an cumas ábhar a uaslódáil,’ a dúirt sí.

Dúirt an síceiteiripeoir leanaí Stella O’Malley gur nocht na meáin shóisialta leanaí do ‘glamourisation’ ar ábhair dhorcha, rud a fhágann go bhfuil ‘tógálacht sóisialta (social contagion)’ ar fhadhbanna meabhairshláinte.

Dúirt Ms O’Malley, údar an leabhair What Your Teen is Trying to Tell You: ‘Tá fíor-“ghlamourisation” de dheacrachtaí meabhairshláinte atá fíor-spreagúil d’intinn an déagóra.’

Dúirt sí: ‘Tá déagóirí i riocht imníoch go leanúnach; ceapann siad i gcónaí go bhfuil rud éigin níos fearr ag tarlú áit éigin eile, agus cuireann an saol ar líne go mór leis sin.

‘Agus is féidir le hiontas agus le féin-ionsú teacht chun cinn toisc go mbíonn siad á meas i gcónaí.’

Léirigh suirbhé CyberSafeKids nach dúirt ach 25% de leanaí go bhféadfadh a dtuismitheoirí a bhfuil á dhéanamh acu a fheiceáil ar líne.

Aontaíonn Ms Cooney agus Ms O’Malley, áfach, gur ar thuismitheoirí a thiteann i bhfad an iomarca freagrachta as leanaí a chosaint ar líne.

Dúirt Ms Cooney go bhfuil jab na dtuismitheoirí ‘i bhfad níos deacra ag déileáil leis na cuideachtaí teicneolaíochta seo, mar gheall ar a n-iarracht ar bhrabús a dhéanamh.

Bíonn déagóirí i riocht imníoch go leanúnach
Bíonn déagóirí i riocht imníoch go leanúnach

Dúirt urlabhraí do Snapchat go bhfuil an chuideachta ‘do dhaoine os cionn 13 bliana d’aois, agus táimid tiomanta d’eispéireas sábháilte agus oiriúnach a sholáthar’.

Dúirt urlabhraí do Roblox: ‘Tá beagnach dhá scór bliain caite againn ag déanamh Roblox ar cheann de na timpeallachtaí ar líne is sábháilte dár n-úsáideoirí, go háirithe na daoine is óige.’

Luaigh urlabhraí do TikTok an tuarascáil dheireanach a rinne CyberSafeKids a dúirt: ‘Ar TikTok bhí an laghdú is mó [de leanaí ocht go 12 bliana d’aois a thuairiscigh go raibh siad ar na meáin shóisialta], titim 10% ó 2021-2022. leibhéil.’

Dúirt urlabhraí YouTube: ‘Le blianta anuas, tá YouTube ag obair go dian chun a chinntiú go bhfuil folláine (wellbeing) agus meabhairshláinte daoine óga mar chroílár ár dtáirge agus ár bhforbairt polasaí do theaghlaigh.’

Níor fhreagair Meta, úinéir Whatsapp, Facebook agus Instagram, iarratais ar thuairimí.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram