Ré nua? Tá trí cheathrú againn ag iarraidh níos mó tacaíochta don Ghaeilge – ach an bhfuil an Rialtas ag éisteacht linn?

15/08/2024

Tá méadú suntasach ar líon na ndaoine, ó thuaidh agus ó theas, atá ag iarraidh áiseanna feabhsaithe do Ghaeilgeoirí, de réir pobalbhreithe nua ó Chonradh na Gaeilge

Deir beagnach trí cheathrú de na daoine sa Stát gur chóir don Rialtas níos mó a dhéanamh don Ghaeilge, de réir tuairisc atá ar fáil ag tuairisc.ie.

Is ardú suntasach é sin ó trí bliana ó shin.

Feachtas ag an Dáil ar son cothrom na féinne do Ghaeilgeoirí sa tithíocht
Feachtas ag an Dáil ar son cothrom na féinne do Ghaeilgeoirí sa tithíocht

Agus ceapann beagnach leath na ndaoine sa Tuaisceart an rud céanna.

Tugann sé seo le fios go gcaithfidh na rialtais, ó thuaidh agus ó theas den teorainn, níos mó a dhéanamh chun tacú le pobal na Gaeilge.

I bpobalbhreith a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, dúirt 71% gur chóir don Stát níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge.

Gaeilge 24 feat
Feachtas ar son an Ghaeilge ag Conradh na Gaeilge

Sin ardú ón 65% de na daoine a léirigh an tuairim sin nuair a cuireadh an cheist chéanna i bpobalbhreith a rinne Conradh na Gaeilge i 2021.

Dúirt 47% de dhaoine sa Tuaisceart gur cheart níos mó tacaíocht stáit a thabhairt don Ghaeilge, i gcomparáid le 40% i 2021.

Tá athrú meon ag teach sa Tuaisceart i dtaobh na teanga de.

paul mescal 1 768x448 1
Gaeilge ag na hOscars le Paul Mescal

Mar shampla i mí an Mhárta bhí an tAire Oideachais sa Tuaisceart, Paul Givan, ball den DUP, fear a ghearr maoiniú don Ghaeilge uair amháin, sásta na teanga a mholadh.

Bhí sé ag labhairt le daltaí i mbunscoil Ghaeilge, Gaelscoil Aodha Rua, i nDún Geanainn, i gContae Thír Eoghain (Dungannon, in County Tyrone) ag an am.

Ghuigh sé ‘maidin mhaith’ i nGaeilge ar na daltaí, agus nuair a bhí na páistí ag casadh amhráin agus damhsaí dó chuaigh sé isteach sa rince céilí.

paul given3
Aire Oideachais sa Tuaisceart, Paul Givan, ball den DUP, Gaelscoil Aodha Rua, i nDún Geanainn, i gContae Thír Eoghain

 Sa phobalbhreith atá ar fáil le tuairisc.ie taispeánadh freisin gur tháinig ardú ar chéatadán na ndaoine, sa deisceart, a bhí den tuairim gur chóir cabhrú le teaghlaigh leanaí a thógáil le Gaeilge, go dtí 57% ó 48% i 2021.

Agus sa Tuaisceart, áit nach bhfuil ach fíorbheagán Gaeilge ar fáil sa chóras oideachais i gcomparáid leis an deisceart, bhí an líon sin beagnach ag leath an daonra, ag 43%, de réir na pobalbhreithe.

Ach cé go bhfuil an t-éileamh ann tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge ó na daoine, níl na rialtais ag freagairt na faidhbe leis an díograis chéanna.

Seán Ó Sé ag moladh an Ghaeilge
Seán Ó Sé ag moladh an Ghaeilge

Mar shampla, tá gá le seacht meánscoil nua Ghaeilge, ar a laghad, sa Stát, agus trí cinn eile sa Tuaisceart, de réir na hanailíse is déanaí.

I mBaile Átha Cliath amháin, tá dalta ag fágáil na bunscoileanna Gaeilge – agus cuirtear iallach orthu ansin leanúint lena gcuid oideachais trí Bhéarla mar níl na meánscoileanna Gaeilge ann dóibh.

Tá cuir síos cruinn déanta ag an iriseoir Darren Mac an Phríora, ar an easpa áiteanna do dhaltaí scoile sna meánscoileanna agus céard atá an Roinn Oideachais agus an Rialtas ag déanamh faoi.

Tá sé sin ar fáil ar an clár Blas na Cathrach ar Raidió na Life. Clicáil ANSEO chun é a chloisteáil.

Seachtain na Gaeilge le Kayleigh Trappe
Seachtain na Gaeilge le Kayleigh Trappe

Tá beagnach míle dalta ag freastal ar Ghaelscoileanna bunscoile i dtrí ceantair i mBaile Átha Cliath, agus tá os cionn míle dalta ag freastal ar Ghaelscoileanna bunscoile i réigiún chathair Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh.

Mar sin féin tá géarghá le scoileanna dara leibhéal Gaeilge sna ceantair sin, agus go ginearálta tá na cinn a bhféadfaidís taisteal chucu lán cheana féin.

Kneecap
Kneecap

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí ar An Foras Patrúnachta, gur cheart go mbeadh ceithre meánscoil eile i mBaile Átha Cliath.

Tá trí cheantar eile sa Stát, taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, a bhfuil meánscoil Ghaeilge de dhíth orthu. Is iad sin, i gcathair Chorcaí, i gContae na Mí agus i Maigh Eo.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram