Agus an Late Late Show ag teacht ar ais i gceann cúpla seachtain bhí Patrick Kielty ag baint leas as an samhradh lena bhean chéile Cat Deeley agus a gclann.
Tá Cat ar sos ón seó This Morning freisin agus tá siad ag baint sult as i nDeisceart na Fraince.
Taispeánann pictiúir den teaghlach Cat ag tógáil caisleáin gainimh lena gcuid buachaillí, Milo agus James.
Agus i bpictiúr eile tá sí ag spalpadh thart sna tonnta.
Bhí cuma níos fearr ar Cat ná riamh, agus bhí sí le feiceáil le cruth (figure) thar a bheith teannas(toned) ina culaith snámha (swim suit) i bpictiúr amháin.
I gceann eile, chaith Cat, atá 47 bliain d’aois, barr dubh bicíní le ‘sarong’.
Bhí seans ann freisin ag Patrick póg rómánsúil a thabhairt dá bhean chéile.
Bhí an lánúin ar saoire i Saint-Tropez, ag caitheamh ama lena gcuid mac agus le tuismitheoirí Cat.
‘Spraoi sa ghrian… Ag baint taitneamh as stíl Deisceart na Fraince,’ a scríobh Cat.
Tháinig na laethanta saoire tar éis do Cat labhairt go hoscailte ar an aer, faoi fhadhbanna sláinte a fir chéile, le linn comhrá ar This Morning faoi an deir (shingles).
Dúirt Cat leis an Dr Sara Kayat gur cheap Patrick ar dtús go raibh a riocht mar thoradh ar imoibriú olc (nasty reaction) ar athchóiriú a dtithe.
Cúpla lá ina dhiaidh sin, áfach, thug siad faoi deara gríos (rash) ar a aghaidh agus thuig siad go raibh an deir (shingles) air.
Ar an dea-uair, is cosúil go raibh Patrick ag baint sult as am teaghlaigh sula mbeidh sé ar ais ag RTÉ i mí Mheán Fómhair.
Mar sin bain sé geit astu nuair a tháinig an tinneas ar Patrick agus fuair siad amach go bhfaigheann duine as gach triúr duine fásta an deir ag am éigin, agus tá na hairíonna (symptons) éagsúil go leor.
Mhínigh an Dr Sara cad é.
‘Ar an gcéad dul síos is gnách go bhfaigheann tú braistint “tingly”.
‘Seans go dtabharfaidh tú faoi deara freisin go bhfuil tú ag mothú níos tuirse – tá tinneas cinn ort, tá tuirse ort.
‘B’fhéidir go mbeadh beagán teochta (temperature) agat fiú.’ a dúirt sí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.