Níor chuir éinne isteach ar 8 gcinn as gach 10 bhfógra do mhúinteoirí

14/08/2024

Ar ais ar scoil i níos lú ná coicís, ach … ‘beidh ranganna gan aon mhúinteoirí’

Níor chuir éinne isteach ar ocht bpost do mhúinteoirí as gach deichniúr a fógraíodh i mbliana, de réir suirbhé a rinne Red C.

Agus le scoileanna ag tosú ar ais i níos lú ná coicís beidh scoileanna ‘ar éigean in ann déileáil’ le seo, de réir ceardchumann múinteoirí.

Tá scoileanna fós ag iarraidh 186 múinteoir a earcú ag an mbunleibhéal, agus 354 múinteoir ag an dara leibhéal, de réir shuíomh idirlín Educationposts.ie.

Géarchéim faoi mhúinteoirí le Norma Foley
Géarchéim faoi mhúinteoirí le Norma Foley

Bhí ar go leor scoileanna ábhair a ghearradh óna gcuraclam toisc nach bhfuil na múinteoirí ann.

Fadhb mhór is ea nach gcuirtear poist lánaimseartha ar fáil do go leor múinteoirí.

Dúirt Aaron Wolfe, príomhoide Choláiste Éamann Rís i gCorcaigh: ‘Níl na múinteoirí amuigh ansin agus beidh ranganna ann i mí Mheán Fómhair [gan aon mhúinteoirí].

‘Tá réimsí ábhair áirithe ann nach mbeidh tú in ann aon mhúinteoirí cáilithe a fháil dóibh.’

Dúirt Kieran Christie, rúnaí ginearálta Cumann Meánmhúinteoirí Éire (Association of Secondary Teachers, Ireland, ASTI) go gcaithfidh an tAire Oideachais Norma Foley a thuiscint go bhfuil sé dodhéanta múinteoirí a mhealladh ar ais ó thíortha eile ar ghealltanas post páirtaimseartha.

Dúirt an ASTI: ‘Tá scoileanna faoi bhrú ollmhór agus is cosúil gur ar éigean a bheidh siad in ann déileáil leis nuair a athosclaíonn siad go luath.’

Fuarthas amach i suirbhé a rinne Red C nach bhfuair 82% de scoileanna dara leibhéal aon iarratas nuair a d’fhógair siad poist le linn na scoilbhliana 2023/24.

Léirigh an suirbhé freisin go ndúirt 87% de na scoileanna nach raibh aon mhúinteoirí ionaid (substitute teachers) ar fáil.

Chomh maith leis sin dúirt 77% go raibh orthu múinteoirí neamhcháilithe a fhostú.

‘Tá réimsí ábhair áirithe ann nach mbeidh tú in ann aon mhúinteoirí cáilithe a fháil dóibh’
‘Tá réimsí ábhair áirithe ann nach mbeidh tú in ann aon mhúinteoirí cáilithe a fháil dóibh’

Dúirt an ASTI go raibh ar roinnt scoileanna iarraidh ar mhúinteoirí riachtanas speisialta (special needs) ranganna a mhúineadh ina ionad.

Dúirt siad freisin gur bhain beagnach an cúigiú cuid de scoileanna ábhar den churaclam, mar gheall ar easpa múinteoirí do na hábhair sin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram