Nuair a fuair baill fhoirne i zú Bhaile Átha Cliath amach go raibh orangutan ag iompar clainne, bhí fadhb mhór acu.
Ní raibh an t-ápa, darbh ainm Mujur, atá 19 mbliana d’aois, nasctha go leor le ceachtar de na naíonáin a bhí aici roimhe seo.
Agus mar geall ar sin, go tragóideach fuair siad bás i 2019 agus 2022.
Chun teacht ar réiteach ar an fhadhb, shocraigh an fhoireann i zú Bhaile Átha Cliath ceardlanna a chur ar siúl le máithreacha a bhí ag tabhairt na cíche (breastfeeding) dá bpáistí féin.
Sé sin, nuair a d’éirigh Mujur torrach (pregnant) níos luaithe i mbliana rinne an zú liosta do mháithreacha a bhí leanbh ar a brollach acu; agus a raibh sásta iarracht a dhéanamh a thaispeáint de Mujur conas é a dhéanamh.
D’eagraigh Lizzie Reeves, atá mar chuid den fhoireann beathú cíche (breastfeeding team) ag an Ospidéal Náisiúnta Máithreachais i mBaile Átha Cliath, liosta de 30 máthair chun cabhrú leo.
Dúnadh an Teach Orangutan agus thug na mná cíche dá naíonáin féin os comhair Mujur.
‘Bhí an-suim ag Mujur, ag féachaint tríd an ghloine, ar na mná leis na leanaí ar an mbrollach acu, fiú ag léiriú cuid dá ngníomhartha,’ a dúirt an zú i ráiteas Dé Luain.
Ansin, dúirt Reeves: ‘Dúirt a lán ban: ‘Féach, ní chaitheann orangutan T-léine.’
Mar sin bhain siad a gcuid T-léinte agus a gcuid cíochbhearta (bras) le go bhféadfadh Mujur gach rud a fheiceáil go cruinn,’ a dúirt Reeves leis an Irish Times.
Shíl Nora Murphy, máthair le páiste amháin as Ráth Fearnáin i mBaile Átha Cliath, gur scéal iontach a bheadh ann dá hiníon, atá 10 mí d’aois, amach anseo.
‘Tá tú ag dul ó bheith i do mháthair féin go dtí a bheith ag iarraidh cabhrú le máthair eile,’ a dúirt sí.
‘Bheifeá ag caint léi ag rá: “Féach is é seo atá i gceist”,’ a dúirt sí.
Taispeánadh físeáin orangutaneanna eile ag beathú a gcuid leanaí do Mujur, mar chuid den teagasc.
Ar 31 Iúil rug sí orangutan fireann sláintiúil agus léirigh sí ‘dea-chúram máithreachais’, rud a thugann le tuiscint go raibh éifeacht ag an teagasc.
Mar sin féin níor choinnigh sí an naíonán san áit cheart le haghaidh beathú, a dúirt an zú.
Agus rinneadh an cinneadh deacair an naíonán a scaradh ó Mujur agus tosú ag beathú buidéal dó.
Aistreofar an naíonán orangutan i roinnt seachtainí go Monkey World, ionad 65 acra i Dorset, Sasana, a bhfuil taithí aige ar orangutananna a ardú.
‘Tá an fhoireann ar fad tar éis titim i ngrá leis cheana féin, agus beidh sé deacair slán a fhágáil leis, ach táimid muiníneach go bhfuil sé á sheoladh chuig an áit is fearr chun leanúint ar aghaidh ag forbairt agus ag rathú,’ a dúirt an zú.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.