Carr armúrtha le seisear saighdiúir Éireannacha buailte sa Liobáin

11/08/2024

Ionsaí sa Liobáin: ‘Is eachtra thromchúiseach é agus is cúis mhór imní dom é,’ a deir Micheál Martin

Bhí seisear saighdiúir Éireannacha, atá ag coimeád na síochána sa Liobáin, gafa sa chath – ach tháinig siad go léir slán as.

Buaileadh feithicil phatróil de chuid na Náisiún Aontaithe le seisear saighdiúirí Éireannacha ar bord in ionsaí aeir.

Bhí siad i sráidbhaile i ndeisceart na Liobáine ag 8pm, am áitiúil, Dé Sathairn.

Bhí ocht saighdiúir, seisear Éireannach agus beirt Pholannach ina measc, ar phatról armtha nuair a tharla ionsaí aeir.

Micheál Martin
Micheál Martin

Buaileadh an fheithicil agus curadh poll ann.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Cosanta Micheál Martin: ‘Is eachtra thromchúiseach é agus is cúis mhór imní dom é.’

Dúirt Arm na hÉireann, áfach, go leanfaidh an 124ú Cathlán Coisithe (infantry battalion) ag feidhmiú sa Liobáin.

Is cuid de ‘súile agus cluasa i ndeisceart na Liobáine don phobal idirnáisiúnta’ iad, a dúirt siad.

Dúirt an tUasal Martin nár gortaíodh aon duine de na saighdiúirí san ionsaí sa Liobáin, ach go ndearnadh damáiste don fheithicil ina raibh siad ag taisteal.

Ag labhairt dó i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh, dúirt Martin go bhfuil an eachtra fós á fhiosrú agus go dtabharfar soiléiriú breise ar an eachtra níos déanaí.

‘Go bunúsach bhí thart ar ochtar saighdiúir, dhá fheithicil armúrtha, seisear Éireannach agus beirt Pholannach, ar phatról agus bhí ionsaí, “drone” nó aerthaistil, ar an sráidbhaile a raibh siad ag patról tríd,’ a dúirt sé.

‘Bhí siad tagtha amach, is cosúil, ón taobh eile den sráidbhaile. Agus is cosúil gur chuir “shrapnel” nó pé rud é, pollta sa fheithiclí.

‘Tá siad slán sábháilte agus tá siad ar ais sa champa.

‘B’fhearr liom fanacht le himscrúdú breise (ó Óglaigh na hÉireann) chun foinse a aithint.

‘Tá smaointe againn maidir le cé a dhéanfadh an t-ionsaí áirithe sin ach déarfainn ag an bpointe seo, beidh muid ag cinntiú go gcaithfidh an IDF (Óglaigh an hIosrael) agus Hezbollah a gcuid dualgas a chomhlíonadh. ‘

Tá contúirtí saighdiúirí Éireannacha sa Liobáin ag méadú mar gheall ar na hionsaithe ar Gaza.

‘Tá na mílte coimeádaí síochána sa Liobáin chun an tsíocháin a choinneáil,’ a dúirt Máirtín.

Tá contúirtí saighdiúirí Éireannacha sa Liobáin ag méadú mar gheall ar na hionsaithe ar Gaza
Tá contúirtí saighdiúirí Éireannacha sa Liobáin ag méadú mar gheall ar na hionsaithe ar Gaza

‘Sin rud uasal (noble) le déanamh agus glacaimid an-dáiríre le cosaint iomlán ár saighdiúirí.

I mí na Nollag 2022, maraíodh saighdiúir Éireannach, Seán Rooney, in ionsaí ar shaighdiúirí síochána de chuid Unifil.

Buaileadh Pte Rooney, a bhí 24 bliain d’aois, as Dún Dealgan, Co Lú, le linn oibríochta de chuid na Náisiún Aontaithe i mbaile Al-Aqbiya.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram