Albam pictiúir: Tá Neven Maguire agus a bhean chéile Amelda ‘mothúchánach’, agus tús nua ag a bpáistí

06/08/2024

Tá an cócaire cáiliúil Neven Maguire ag caint faoi na mothúcháin a bhaineann lena leanaí ag teacht ar thús nua – agus muid ag breathnú ar phictiúir díobh ag fás aníos

Tá Neven Maguire ag mothú bródúil agus sásta agus é ag ullmhú chun tús a chur le caibidil nua de shaol an teaghlaigh, anois go bhfuil a chúpla (twins) ag dul go dtí an mheánscoil.

Tá cúpla 12 bliain d’aois ag an gcócaire agus a bhean Amelda, siad sin Lucia agus Connor.

Neven Maguire Family 4

Agus bhí na seachtainí beaga anuas tochtmhar (poignant) mar go bhfuil na páistí, atá beagnach ina ndéagóirí, críochnaithe sa bhunscoil.

In agallamh le You Magazine, san Irish Daily Mail, dúirt Neven gur am iontach é don teaghlach.

Mar sin féin, is rud mothúchánach é dó mar thuismitheoir freisin, mar gurb é ‘deireadh ré’ é.

Eddie Rocketts Christmas 27a

Dúirt sé: ‘Tá siad ar bís faoi, mar is caibidil nua í ina saol a bhfuil siad go hiomlán réidh di.

‘Ach is am an-mhothúchánach é dúinne mar thuismitheoirí freisin, is garsprioc (milestone) fíor é ina saol,’ a dúirt Neven.

‘D’éirigh leo ón mbunscoil i mí an Mheithimh agus ba lá álainn é sin.

‘Fuair siad go léir teastais bheag agus geansaithe agus a n-ainmneacha orthu.

FobBZo XoAAXpLv

‘Agus ansin ina dhiaidh sin bhí preabchaisleán  (bouncy castle) agus barbeque beag againn sa teach dóibh féin agus dá gcairde go léir. Sin deireadh ré cinnte.’

Sula dtosaíonn an mheánscoil, tá an chuid eile den samhradh ag Neven agus ag an teaghlach le taitneamh a bhaint as le chéile.

Agus tá pleananna móra aige an seomra stoic (stock room) ina bhialann, MacNean House & Restaurant, a ghlanadh ar mhaithe le cúis mhaith.

FobBZpDXgAIjz0Y

Le blianta anuas, tá Neven ag bailiú plátaí ach tá méadú chomh mór ar a bhailiúchán anois nach bhfuil an spás ann chun iad a stóráil.

Agus tá sé socraithe aige cuid de na gréithe (crockery) a chur ar fáil, agus airgead a bhailiú do Naomh Uinseann de Pól sa phróiseas.

Ag caint faoi na plátaí, dúirt Neven go n-insíonn gach ceann acu scéal, agus gur féidir leis a mheabhrú cá bhfuarthas gach ceann acu le linn a thaistil.

Neven Maguire Family 2

Maidir leis an spéis a bhí iontu, bhí ionadh ar Neven go raibh an oiread sin daoine ag iarraidh píosa dá chistin a cheannach.

Dúirt sé: ‘Chuir an tsuim atá iontu go mór iontas orm, bhí sé beagnach mar an gcéanna leis an am a d’inis mé do dhaoine faoi mo bhailiúchán taifead.

FobBZo X0AMk024

‘Má tá mé macánta, beidh mé brónach iad a fheiceáil ag imeacht mar bhí siad ar fad ar thuras liom, sa bhialann agus i mo leabhair chócaireachta.’

Dúirt Neven: ‘Tá súil agam go mbainfidh daoine eile an oiread sult agus a bhain mé astu.’

FobBZo WIAAFR a

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram