

Tá comhairleoirí slándála an Rialtais ag éileamh go gcaithfidh an Taoiseach Simon Harris agus a theaghlach óg bogadh go dtí Lóiste an Mhaoir (Steward’s Lodge) i Farmleigh ar mhaithe lena chosaint féin.
Tá an tslándáil á méadú go seasta do gach polaiteoir sinsearach i ndiaidh ionsaithe frith-inimirce agus ardú idirnáisiúnta ar ionsaithe ar pholaiteoirí, dar leis an Irish Daily Mail.

Bhain na hionsaitheoirí úsáid as foréigean i gcoinne inimirceach agus gardaí cheana féin, agus tá busanna agus foirgnimh dóite acu.
Tá an Taoiseach ag cur in aghaidh mholadh a chomhairleoirí slándála go n-aistreofaí a theaghlach óna dteach i gCill Mhantáin ach tá imní ar an Roinn Dlí agus Cirt nach féidir léi a theaghlach a chosaint ina dteach sna Clocha Liatha (Greystones).
Dúirt garda sinsearach: ‘Tá an teach ina bhfuil cónaí ar an teaghlach Harris in eastát fo-uirbeach nuathógtha le gairdíní agus rochtain (access) eile in aice leis.
‘Tá sé beagnach dodhéanta dúinn cosaint cheart a thabhairt.
‘Bhí tithe tuaithe (rural homes) scoite ag na taoisigh roimhe seo nó. Fiú nuair a bhí siad uirbeach, b’fhurasta iad a chosaint agus a choinneáil slán. Ní hé seo an cás leis an áit chónaithe seo.’
Dúirt foinse atá gar don Taoiseach gur cúis mhór imní dó bagairt buama ar a theach, i mí an Mheithimh, fad is a bhí a bhean agus a pháistí óga sa bhaile.
‘Chuir scanradh an bhuama an Taoiseach agus a theaghlach ar crith,’ a dúirt siad.
‘Chonaiceamar sa Dáil an Taoiseach le haghaidh vótaí sna huaireanta i ndiaidh na heachtra agus bhí sé chomh trína chéile is a chonaiceamar riamh é.’
Dúirt an fhoinse: ‘Bhí sé ag an Áras nuair a rinneadh an glao. Bhí a chlann sa bhaile. Agus nuair a tháinig sé amach, chonaic sé nach raibh a charr sa ghnáth láthair.
‘Bhí na Gardaí ar an nguthán i mbun cumarsáide leis an Aonad Práinnfhreagartha (Emergency Response Unit) a bhí ina theach cónaithe i gCill Mhantáin cheana féin, leis an scuad buama (bomb squad).’
Dúirt foinsí slándála go gcreideann siad gurb é an t-aon bhealach ar féidir an Taoiseach agus a theaghlach a chosaint ná iad a ghlacadh in áit cónaithe oifigiúil an Taoisigh.
Bhí roinnt agóidí taobh amuigh de theach cheannaire Fhine Gael le seachtainí beaga anuas, agus d’fhreastail fir a raibh balaclava orthu ar cheann acu.

Cheannaigh an Stát eastát Farmleigh ón teaghlach Guinness i 1999 ar €29.2 milliún.
Athchóiríodh ansin é mar lóistín do dhaoine mór le rá agus aíonna an náisiúin ar cuairt.
Áiríodh teach níos lú ar an eastát, an Steward’s Lodge, sa díolachán. Dúirt foinse shinsearach de chuid an Rialtais: ‘In Éirinn, breathnaítear ar áit chónaithe den sórt sin mar shó (luxury) ach is riachtanas ríthábhachtach é do shlándáil ceannaire.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.