

Bhí Saoirse Ronan i ról Mháire Banríon na hAlban (Mary Queen of Scots) agus anois tá Albanach dá cuid féin pósta aici.
Phós sí a grá Jack Lowden ag searmanas rúnda i nDún Éideann (Edinburgh).
Phós Saoirse, a ainmníodh le haghaidh Oscar ceithre huaire, an t-aisteoir Albanach an deireadh seachtaine seo caite i suíomh pearsanta.

Bhí roinnt chairde na lánúine ann, a choinnigh an cruinniú rómánsúil faoi rún.
Léiríonn clár póstaí sibhialta na hAlban gur phós Saoirse Una Ronan Jack Andrew Lowden ag Lároifig Chláraitheoir Dhún Éideann (Edinburgh Central Registrar’s Office), ag Seomraí na Cathrach.
Tá cáil ar an lánúin as a gcuid rómánsaíochta fadtéarmach a choinneáil thar a bheith príobháideach, agus is minic a chinn Saoirse gan mórán eolais a thabhairt faoina saol príobháideach.
Tá Saoirse, a rugadh i Meiriceá ach a d’fhás aníos i gCeatharlach, agus a fear céile nua ina chónaí le chéile cheana féin i dteach €2.9milliún in Islington, tuaisceart Londain, lena madra, Fran.
Rinneadh an lánúin a nascadh den chéad uair go rómánsúil in 2018 le linn scannánú Mary Queen of Scots.
Bhí Saoirse, atá 30 bliain d’aois, i ról Mary sa scannán stairiúil agus bhí Jack, atá 34 bliain d’aois, i ról Darnley, dara fear céile Mary.
Thosaigh cloigíní bainise ag bualadh ar dtús tar éis ráflaí gur chuir Jack ceiliúr pósta ar Saoirse, le linn saoire fánaíochta (hiking holiday) in Albain mí Iúil seo caite.

Níor shéan an lánúin na tuairiscí ag an am, tar éis do Jack grianghraf a phostáil ó mullaigh Ben Vrackie, sliabh i Perthshire, ag taispeáint lámh, arbh chosúil gurbh é Saoirse í, ag caitheamh fáinne diamanta (diamond).
Cé gur rugadh i Sasana é, d’fhás Lowden aníos i sráidbhaile Oxton, in aice le Dún Éideann.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.