

Maraíodh beirt pháiste agus gortaíodh naonúr eile, agus beirt dhuine fásta, in ionsaí scian ag rang rince leanaí i Sasana.
Bhí an t-ionsaí ag rang téama Taylor-Swift i Southport, baile cois farraige in aice le Learpholl (Liverpool), maidin Dé Luain.
Gabhadh déagóir 17 bliain d’aois as Banks, sráidbhaile in aice láimhe, ar amhras faoi dhúnmharú agus iarracht ar dhúnmharú, agus bhí sé á cheistiú ag póilíní i Merseyside.

Is as Caerdydd (Cardiff), an Bhreatain Bheag (Wales)an déagóir, agus dúirt na póilíní go raibh siad ag fiosrú an chúis a bhí taobh thiar den ionsaí, ach dúirt siad nach raibh siad ag caitheamh leis mar rud a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht (terrorism).
Tugadh roinnt de na daoine gortuithe go dtí Ospidéal Leanaí Alder Hey i Learpholl.
Dúirt Serena Kennedy, príomhchonstábla Phóilíní Merseyside, go bhfuair beirt chailín bás de bharr gortuithe ón ionsaí agus gur gortaíodh naonúr eile, seisear acu go criticiúil.
Gortaíodh beirt dhuine fásta go criticiúil freisin.
Bhí na leanaí ag freastal ar imeacht ar théama Taylor Swift i scoil rince, a dúirt sí, nuair a shiúil an t-ionsaitheoir isteach sa rang agus thosaigh sé ag ionsaí orthu.
‘Creidimid go raibh na daoine fásta a gortaíodh go cróga (bravely) ag iarraidh na leanaí a chosaint,’ a dúirt Ms Kennedy.
Chuir scoileanna an cheantair tús lena sos samhraidh le déanaí, agus bhí ceardlann ióga (yoga) agus damhsa ar théama Taylor Swift á reáchtáil ag an stiúideo do leanaí.
Dúirt Dave Kitchin ó Sheirbhís Otharchairr an Iarthuaiscirt (North West Ambulance Service) go mbeidh tionchar buan ag an eachtra ar an bpobal ar fad.
Dúirt Yvette Cooper, Rúnaí Baile (Home Secretary) na Breataine, le Teach na dTeachtaí (House of Commons) sa Bhreatain go raibh ‘an-imní’ uirthi faoin bhforéigean agus gur labhair sí leis na húdaráis áitiúla chun ‘tacaíocht iomlán’ an rialtais a chur in iúl.
Dúirt roinnt finnéithe go bhfaca siad leanaí gortaithe ag cur fola ar an tsráid.
Dúirt Colin Parry, úinéir siopa deisiúcháin feithiclí (vehicle repair) ar Shráid Hart, le Sky News go raibh sé ‘cosúil le radharc ó scannán uafáis (horror film)’.

Dúirt Bare Varathan, 35, a bhfuil siopa cúinne aige ar an tsráid, leis an Telegraph go bhfaca sé roinnt leanaí ag cur fola. Dúirt sé freisin go bhfaca sé póilíní armtha ag baint fear as foirgneamh.
Dúirt an Príomh-Aire Keir Starmer: ‘Tá mo chuid smaointe leo siúd go léir atá buailte. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na póilíní agus leis na seirbhísí éigeandála as a bhfreagra tapa.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.