

Tá an Rialtas chun creidmheasanna fuinnimh agus íocaíochtaí dúbailte leasa shóisialaigh a thabhairt do vótálaithe i mbliana i ‘bonanza’ réamhthoghcháin le Buiséad 2025, de réir an Irish Daily Mail.
Dúirt na hAirí go mbeidh an creidmheas leictreachais €450, a thug an Comhrialtas do gach custaiméir i mBuiséad 2024, ann arís.
In ionad é a bheith íoctha i dtrí chuid de €150 idir Nollaig agus Márta, áfach, beidh sé íoctha faoi Nollaig na bliana seo.
Beidh íocaíochtaí dúbailte leasa shóisialaigh ann freisin roimh Nollaig.

Tar éis an bhuiséid dheireanaigh, bhí íocaíochtaí dúbailte leasa shóisialaigh idir Samhain agus Eanáir. Dúirt na hAirí, áfach, go bhfuil rialacha caiteachais nua ón Aontas Eorpach, a chuirfidh teorainn le ‘íocaíochtaí aonuaire (one-off-payments)’ i 2025, agus go gcaithfidh an Comhrialtas iad a íoc i mbliana.
Admhaíonn roinnt Airí, áfach, go mbeidh fáilte roimh na híocaíochtaí roimh an olltoghchán, ag Comhrialtas a bhraitheann cheana féin go bhfuil tacaíocht caillte ag Sinn Féin.
Dúirt Aire amháin, a bhí páirteach sa phlé ar bhuiséad deireanach na Comhrialtais roimh thoghchán: ‘Is é an ceathrú cuid dheireanach den bhliain a bheidh an fócas.
‘Is fadhb í an chostas mhaireachtála (cost of living) fós do dhaoine mar is eol dúinn go léir.
‘Déantar an boilsciú (inflation) a mhaolú agus a mhaolú ach is cúis mhór imní fós é do go leor daoine.
‘Léirigh freagra an phobail go raibh na híocaíochtaí costais mhaireachtála anuraidh agus i mbliana an-tábhachtach.
‘Ach murab ionann agus an pacáiste cuimsitheach a fógraíodh anuraidh, ní bheidh an ceann seo scaipthe thar roinnt míonna.
‘Bhí an ceann deireanach scaipthe go maith thar 2024 mar shampla,’ a dúirt an tAire.

Admhaíonn na hAirí gur ábhar machnaimh iad cúrsaí toghcháin.
Beidh costas iomlán na n-íocaíochtaí costais mhaireachtála seo níos mó ná €1.2 billiún. Beidh níos lú spáis ann do ghluaiseacht cánach le sin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.