Na tacaíochtaí breise AGUS na cánacha breise sa Bhuiséad

01/10/2024

Ní ‘giveaways’ amháin atá sa ‘Giveaway Budget’ ón Rialtas, tá roinnt méaduithe cánach ann freisin sa Bhuiséad

Chuir an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe síos ar Bhuiséad 2025 mar rud ‘cothrom’.

Luaigh sé pinsinéirí agus teaghlaigh mar iad siúd a bhraithfidh tionchar na tacaíochtaí nua ón Rialtas.

Mar sin féin, dúirt Pearse Doherty ó Shinn Féin gur roghnaigh an Rialtas dul i bhfabhar na ndaoine ab fhearr as.

Thug sé le fios go mbeidh €950 sa bhreis ag duine ar thuarastal de €150,000 sa bhliain, i gcomparáid le €369 do dhuine singil ar €40,000 sa bhliain.

Pearse Doherty ag caint faoi Bhuiséad 2025
Pearse Doherty ag caint faoi Bhuiséad 2025

Tacaíocht costais mhaireachtála sa Bhuiséad

• Creidmheas fuinnimh de €125 do gach teaghlach roimh dheireadh na bliana agus ceann eile an bhliain seo chugainn.

• Ráta ‘VAT’ laghdaithe go 9% do ghás agus leictreachas le síneadh amach go dtí 30 Aibreán 2025.

Cáin ioncaim sa Bhuiséad

• Gearrfar an ‘USC’ ó 4% go 3% ar ioncam €25,000 go €70,000.

• Ardóidh an t-íosphá (minimum wage) 80 cent go €13.50 in aghaidh na huaire ó 1 Eanáir 2025.

• Ardófar creidmheasanna cánach faoi €125.

• Ardófar an Ráta Caighdeánach (Standard Rate) cánach faoi €2,000 go €44,000.

Cáin oidhreachta sa Bhuiséad

• Ardaítear tairseach (threshold) Grúpa A, maidir le bronntanais nó oidhreacht ó thuismitheoirí dá leanaí ó €335,000 go €400,000

• Ardóidh tairseach Grúpa B le haghaidh bronntanais nó oidhreachtaí ó dheartháir nó deirfiúr ó €32,500 go €40,000

• Ardóidh tairseach Grúpa C ó ghaolta ar nós uncailí agus aintíní ó €16,250 go €20,000

Cíos sa Bhuiséad

• Ardóidh an creidmheas cánach cíosa do thionóntaí ó €750 go €1,000, agus go €2,000 do lánúin.

Cáin mhaoine sa Bhuiséad

• Maoin ar fiú os cionn €1.5 milliún iad chun dleacht stampála (stamp dity) 6% a íoc.

• Dleacht stampa 1% le cur i bhfeidhm ar réadmhaoin ar fiú suas le €1 milliún iad.

• Dleacht stampa 2% le cur i bhfeidhm ar réadmhaoin ar fiú níos mó ná €1 milliún iad.

 Cáin ar gach r-leacht (e-liquid) ag ráta 50 cent in aghaidh an ml de r-leacht
 Cáin ar gach r-leacht (e-liquid) ag ráta 50 cent in aghaidh an ml de r-leacht

Arduithe cánach sa Bhuiséad

• Ardú €1 ar dhleacht mháil (excise duty) ar phaca 20 toitín, rud a thabharfaidh an praghas go €18.05.

• Cáin ar gach r-leacht (e-liquid) ag ráta 50 cent in aghaidh an ml de r-leacht.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram