

Níl aon dabht faoin ngrá atá ag Kate Middleton don chluiche leadóige – níl sí ar dhuine den iliomad daoine cáiliúla a théann go Wimbledon ionas go bhfeictear iad, seachas chun féachaint ar na cluichí.
Agus nuair a roghnaigh sí cluiche ceannais Wimbledon don dara láithreas poiblí a bhí aici ó thit sí tinn, ní raibh aon amhras ach go bhfaigheadh Kate moladh ón slua.
Ní gá duit a bheith i do leannán do theaghlaigh ríoga chun tuiscint a fháil ar an gcneastacht a bhraith siad nuair a tháinig Kate isteach sa bhosca ríoga.

Bhí cuma aclaí agus sláintiúil uirthi agus ba chomhartha dearfach é sin go bhfuil Kate ar an mbóthar chuig téarnamh ón ailse.
Bhí a hiníon Charlotte agus a deirfiúr Pippa, beirt lucht leanúna leadóige, in éineacht léi freisin.
Roimh an gcluiche, bhuail Kate agus Charlotte le Barbora Krejcikova, buaiteoir singil na mban.
Agus ní mór go raibh áthas ar Charlotte, nach bhfuil ach naoi mbliana d’aois, nuair a thug an réalta leadóige an raic (racquet) lenar bhuaigh sí an cluiche ceannais in aghaidh Jasmine Paolini ón Iodáil di, Dé Sathairn.
Chomh maith leis sin tá cúiseanna maithe ag Kate Middleton, atá ina pátrún ar Wimbledon, freastal ar chluiche ceannais na bhfear idir Novak Djokovic agus Carlos Alcaraz.

Tá cluiche na bhfear cumhachtach, tapa agus go minic go hiontach ar fad.
D’admhódh formhór lucht leanúna leadóige tiomnaithe, dá bheidís macánta, gurbh fhearr leo féachaint air ná leadóg na mban.
Tugann sé níos mó airgid isteach freisin trí urraíocht (sponsorship) agus margaí tráchtála ná cluiche na mban.
Ach ina dhiaidh sin uile, lean Kate Middleton coinbhinsiún nuair a roghnaigh sí aird a tharraingt ar chluiche ceannais na bhfear thar chluiche ceannais na mban.

Ba mhór an náire é sin, go háirithe toisc go raibh a hiníon agus a deirfiúr in éineacht léi.
Mar lucht leanúna leadóige díograiseach beidh a fhios ag Kate agus Pippa stair an chluiche agus na streachailt a rinne daoine cosúil le Billy Jean King, agus a cheiliúrfaidh Elton John leis an amhrán Philadelphia Freedom.
Deis caillte a bhí ann an spotsolas a chur ar chluiche na mban, chun é a shábháil ó bheith in áit na leathphingine i gcónaí, mar atá i mbeagnach gach spórt eile.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.