Teannas idir réalta Wimbledon Alexander Zverev agus ‘influencer’ TikTok Morgan Riddle, páirtí Taylor Fritz

10/07/2024

Tá cáil ar Morgan Riddle as a paisean don fhaisean leadóige – ach an tseachtain seo ní raibh baint ar bith ag a tuairimí le héadaí agus stíl.

Nuair a bhí an tionchaire (influencer) Morgan Riddle ag faire ar cheann de na cluichí is siamsúla de chuid Wimbledon go dtí seo, ní rabhthas ag súil go raibh sí ar tí a bheith i lár an aonaigh.

Cath cúig-seit a bhí sa chluiche, chun áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais, idir beirt imreoir clúiteacha leadóige.

Chuaigh Taylor Fritz ó Mheiriceá, páirtí Riddle, i gcion ar an slua ag an ‘Centre Court’ Dé Luain, tar éis dó teacht ar ais ó chailliúint go dona.

Morgan Riddle ag faire ar cheann de na cluichí is siamsúla de chuid Wimbledon go dtí seo
Morgan Riddle ag faire ar cheann de na cluichí is siamsúla de chuid Wimbledon go dtí seo

D’éirigh leis ansin an bua a fháil ar an imreoir Gearmánach, Alexander Zverev.

Ach ansin ba í Riddle a bhí i lár achrann le Zverev.

Bhí an chuma ar an scéal go ndearna Riddle, a bhfuil tionchar cáiliúil aici, trácht ar Zverev, atá mar Uimhir 4 ar an Domhan, faoi líomhaintí drochíde baile (domestic abuse) a cuireadh ina aghaidh.

Shéan Zverev aon éagóir. An mhí seo caite tháinig sé ar shocrú lasmuigh den chúirt lena iar-pháirtnéir, Brenda Patea, a chuir ina leith gur ionsaíodh í.

Tá os cionn 17 milliún ‘likes’ le TikTok ag Riddle, atá 26 bliain d’aois.

Tar éis do Zverev an cluiche in aghaidh páirtí Riddle a chailleadh phostáil sí físeán ar Instagram ag taispeáint di ag baint sult as deoch, leis an bhfotheideal: ‘When ur man wins 4 the girls.’

Níos luaithe roinn Riddle pictiúr den chúirt leis an teachtaireacht: ‘Cheer loud ladies.’

Tógadh an dá phost anuas go luath tar éis iad a chur suas.

Bhí an chuma ar Zverev ansin go ndearna sé a cháineadh féin ag Riddle.

Dúirt sé: ‘Sílim go bhfuil daoine áirithe sa bhosca nach as an saol leadóige iad, nach bhfuil… ag breathnú ar gach cluiche.

‘Bhí siad beagán thar barr,’ a dúirt sé ag preasagallamh tar éis an chluiche.

Alexander Zverev agus Taylor Fritz
Alexander Zverev agus Taylor Fritz

Rinne Riddle iarracht an teannas  a dhíleá, ag postáil: ‘Maidir le mo scéalta [Instagram] inné … thóg mé síos iad chomh luath agus a thuig mé an mhíthuiscint. . .

‘Ní raibh siad faoi rud ar bith a tharla as an gcúirt leadóige agus níl aon nimh san fheoil ann.’

Chuir imreoir leadóige, Olga Sharypova, atá  ina iar-chailín do Zverev, líomhaintí faoi drochíde baile (domestic abuse) ina leith freisin. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram