Tori Towey: Tá faoiseamh mór orm – ach cad faoi na daoine eile

12/07/2024

Míle buíochas do mhuintir na hÉireann agus na polaiteoirí, a deir Torí Towey, atá sa bhaile anois, ach fós tá sí ag smaoineamh ar dhaoine eile nach bhfuil an t-ádh céanna orthu

‘Tá faoiseamh mór orm, ní féidir liom é a chreidiúint.’ Leis na focail sin d’fhéadfaí a fheiceáil go raibh Tori Towey ag ligean a scíthe, agus í ag caint le tuairisceoirí Déardaoin.

Tháinig deireadh le tromluí Ms Towey i Dubai agus shroich sí Aerfort Bhaile Átha Cliath lena máthair Caroline ag 12.20pm.

Chuir údaráis Dubai deireadh leis na cúisimh ina coinne, maidir le hiarracht ar fhéinmharú, agus cuireadh an cosc ​​taistil ar ceal.

toty feat 1
Tori Towey lena antín Ann Flynn agus a máthair Caroline

Dúirt sí go raibh tacaíocht mhuintir na hÉireann agus na meán cumarsáide iontach, ach gur bhraith sí go dona dóibh siúd nach raibh an tacaíocht sin acu.

Rinne Ms Towey tagairt ar leith do Radha Stirling ón ngrúpa Detained in Dubai, a thug tacaíocht di thall ansin.

Dúirt Ms Stirling go raibh súil aici go dtabharfadh an cás seo dóchas do dhaoine eile.

‘Tá an oiread sin cumarsáide faighte againn cheana féin ó dhaoine i gcásanna comhchosúla,’ a dúirt sí.

Chuir aintín Tori, Ann Flynn, a bhí i mbun feachtais chun í a thabhairt abhaile, beannú don di agus dá máthair ag an aerfort.

‘Tá mé chomh buíoch as a bheith ar ais. Ar ndóigh, nuair a tháinig mo mháthair amach chugam ba mhór an chabhair é, ach ní raibh ann ach rud anaithnid agus ní raibh a fhios agam cad a bhí ar siúl, nó cad a tharlóidh,’ a dúirt Ms Towey.

Nuair a fiafraíodh di an raibh faitíos uirthi gurbh fhéidir nach mbeadh sí in ann filleadh ar Éirinn, dúirt sí: ‘Ar ndóigh, ní raibh a fhios agam cad a bhí le tarlú.

Tori i Dubai
Tori i Dubai

‘Is inné agus inniu a fuair mé níos mó eolas. Ní raibh aon fhreagra á fháil agam, ach tá áthas orm a bheith ar ais,’ a dúirt Ms Towey, atá 28 bliain d’aois.

Ghabh Ms Towey buíochas lena muintir agus lena cairde as seasamh léi agus mhol sí go hard na taidhleoirí (diplomats) agus na polaiteoirí Éireannacha a chabhraigh léi.

Ina measc bhí an Taoiseach Simon Harris, an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin, Ambasadóir na hÉireann i Dubai, Alison Milton, agus ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram