

Tá roinnt dlúth comhghleacaithe agus comhairleoirí fadtéarmacha don Uachtarán Biden tar éis dul isteach i líon na ndaoine ón bPáirtí Daonlathach atá ag iarraidh Joe Biden dul ar leataobh, de réir an New York Times.
Le cúpla lá anuas tá siad ag iarraidh teacht ar bhealaí chun é a chur ina luí air sin.

Tá ar a laghad beirt chomhairleoir tar éis a rá le comhghuaillithe cheana féin nach gcreideann siad gur cheart dó leanúint ar aghaidh ag iarraidh seasamh ar feadh an dara téarma.
Tá siad i measc grúpa a bhí i mbun feachtais ar a shon, ach a bhraitheann anois nach féidir leis leanúint ar aghaidh.
Mar sin féin, tá Biden féin ag diúltú éisteacht le haon argóintí, mar sin caithfidh siad cás láidir a dhéanamh lena thabhairt chuige.
Dúirt siad nach féidir leis an mbua a fháil i gcoinne Donald Trump agus go gcaithfidh siad a chur ina luí air go bhféadfadh iarrthóir eile, cosúil leis an Leas-Uachtarán Kamala Harris, an bua a fháil ar Trump.
Agus caithfidh siad a chinntiú do Biden, dá n-imeodh sé ar leataobh, go mbeadh an próiseas chun iarrthóir eile a roghnú ordúil agus nach mbeidh an Páirtí Daonlathach trína chéile.
Cé go bhfuil na cainteanna seo ag dul ar aghaidh, níl Biden féin ar an eolas fúthu.
Shéan an Teach Bán go hoifigiúil go bhfuil na cainteanna seo ar siúl.
‘Níl sé sin fíor, gan dabht,’ a dúirt Andrew Bates, urlabhraí sa Teach Bán. ‘Tá foireann an Uachtaráin Biden go láidir taobh thiar dó.’
Fadhb amháin atá ann ná go bhfuil na daoine is gaire do Biden, lena n-áirítear cuid de na comhairleoirí is faide aige agus baill dá theaghlach, fós cinnte go seasfaidh sé i gcoinne Trump, is cuma cad a tharlóidh.
Agus, in ainneoin na fianaise, creideann Biden fós gurb é féin an duine is fearr chun bua a fháil in aghaidh Trump. Creideann go leor fós go bhfuil seans níos fearr aige ná Kamala Harris ar aon nós.

Tá an chaint i measc comhairleoirí ag tarlú agus teannas ag méadú idir Biden agus an Páirtí Daonlathach.
Tá comhaltaí agus deontóirí ag labhairt go poiblí faoin ngá atá ann le seasamh síos.
Mothaíonn tromlach na nDaonlathaithe gur chóir do Biden éirí as, de réir pobalbhreith Washington Post-ABC News-Ipsos a foilsíodh Déardaoin.
Léirigh an phobalbhreith go bhfuil Trump agus Biden gar do chéile ach go mbeadh seans níos fearr ag Harris.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.