Met Éireann: Stádas Buí le báisteach throm – agus neart teas na gréine ina dhiaidh sin

09/07/2024

Cuirfidh báisteach throm isteach ar ár gcuid taistil go luath sa tseachtain, ach beidh solas na gréine againn ag an deireadh seachtaine, a deir Met Éireann

Beidh an ‘Factor-50’ de dhíth orainn an deireadh seachtaine seo, a deir Met Éireann. Agus beidh seans againn an bairbí a thabhairt  amach.

Mar sin féin, is é sin an suaimhneas TAR ÉIS na stoirme a bheidh ann, mar go bhfuil Rabhadh Stádas Buí eisithe ag Met Éireann don Mháirt.

Táthar ag súil go mbeidh an teocht chomh hard le 20C i rith na seachtaine, agus ba cheart go leanfadh sé ar feadh tamaill, dar le Met Éireann.

Tá laethanta grianmhara ag teacht, dar le Met Éireann
Tá laethanta grianmhara ag teacht, dar le Met Éireann

Ní dea-scéal é ar fad, áfach, mar go bhfuiltear ag súil le báisteach throm Dé Máirt.

Tá an Rabhadh Stádas Buí eisithe do Chúige Laighean (Leinster) ar fad, chomh maith leis an gCabhán, Muineachán, Liatroim, Ros Comáin, Tiobraid Árann agus Port Láirge (Cavan, Monaghan, Leitrim, Roscommon, Tipperary agus Waterford), ar feadh 24 uair ó 4am Dé Máirt go dtí uaireanta luatha maidin Dé Céadaoin.

Deir Met Éireann go mbeidh baol tuilte (floods) i gceantair áitiúla.

Beidh coinníollacha taistil deacra ann freisin nuair a thaistealaíonn lagbhrú ó Bhá na Bioscáine (Bay of Biscay) ó thuaidh trí Mhuir Éireann.

Tabharfaidh sé seo báisteach a éireoidh go trom tráthnóna, go háirithe ar fud an oirthir agus go leor de lár na tíre, de réir Met Éireann.

Mar sin féin, tá dea-scéal ann freisin, mar a deir Met Éireann go mbeidh neart teasa againn an tseachtain seo, agus codanna áirithe ag 20C.

Mar sin féin, is féidir leis an gcuid is mó d’Éirinn a bheith ag súil le báisteach freisin.

Ní raibh aon seal fada gréine go dtí seo an samhradh seo, agus tá an chuma ar an scéal nach mbeidh mórán sásaimh ann go dtí an Aoine, nuair a cheaptar go mbeidh an chuid is mó d’Éirinn tirim agus te.

Beidh na teochtaí idir 13 agus 18C.

Mar sin féin, beidh tréimhsí gréine  i gcodanna de Chúige Mumhan ar an taobh theas agus thiar agus sroichfidh siad 19C.

Ar an gCéadaoin, is dócha go mairfidh ráigeanna báistí agus ceobhráin ar fud Uladh agus an chósta thiar ar feadh cuid mhaith den lá.

Beidh meascán de scamall, Tréimhsí gréine agus ceathanna scaipthe in áiteanna eile, dar le Met Éireann.

Gheobhaidh Cúige Mumhan agus Connacht an chuid is mó do sholas na gréine agus beidh na teochtaí is airde ó 14C ó thuaidh go 20C ó dheas, le gaotha measartha.

Beidh an Déardaoin scamallach den chuid is mó ar dtús le ráigeanna báistí agus ceocháin, go príomha ó thuaidh, ag bogadh ó dheas de réir a chéile agus ag éirí níos fánach.

Beidh tréimhsí gréine sa tuaisceart i rith na maidine agus ba cheart go mbeidís i ngach áit ach amháin i gceantair theas faoi dheireadh an lae, dar le Met Éireann.

Beidh na teochtaí is airde idir 15C agus go 19C.

Ar Dé hAoine beidh sé tirim den chuid is mó le meascán de scamall agus tréimhsí gréine, agus beidh na teochtaí is airde idir 15C agus 20C.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram