Is coir chogaidh é! Cháin an Tánaiste ionsaí diúracán na Rúise ar ospidéal leanaí

09/07/2024

Bhí tuismitheoirí ag siúl timpeall ar na sráideanna le leanaí ina lámha agus tarrthálaithe ag iarraidh othair a shábháil ón ospidéal a ndearnadh buamáil air i Kyiv

Samhlaigh diúracán (missile) ag bualadh Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath agus beidh tuairim agat faoin tionchar a bhí ag an ionsaí aeir ar ospidéal cáiliúil Okhmatdyt i Kyiv Dé Luain.

Arís eile, chuir uaillmhianta impiriúla Vladimir Putin iallach ar na leanaí is breoite san Úcráin éirí as a leapacha – siadsan atá fós beo.

An uair seo, is cosúil gur díríodh orthu d’aon ghnó in ionsaí lár na maidine.

Cailín óg ar thralaí taobh amuigh den ospidéal
Cailín óg ar thralaí taobh amuigh den ospidéal

Léiríonn grianghraif agus píosaí scannáin othair leanaí i measc na ndaoine a fuair bás.

Mar atá feicthe againn in Gaza tar éis ionsaí diúracán Iosraelach, tá an chuma ar an scéal go bhfuil céim nua agus níos measa den chogadh sroichte acu.

Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go raibh uafás air faoin ionsaí.

Dúirt sé nach bhfuil suim ar bith ag stáit a dhéanann coireanna cogaidh trí dhíriú ar pháistí tinne sa tsíocháin.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris: ‘Gníomh suarach agus cladhartha (cowardly) a bhí anseo.’

Labhair sé tar éis don Rúis ionsaí a dhéanamh ar phríomh-ospidéal na leanaí i Kyiv le diúracán i rith an lae.

Scaoil siad freisin diúracáin ar chathracha eile ar fud na hÚcráine, ag marú ar a laghad 36 sibhialtach sa tonn is marfach de stailceanna aeir le míonna.

Shiúil tuismitheoirí a raibh leanaí ina seilbh acu ar an tsráid lasmuigh den ospidéal, agus iad ag gol i ndiaidh ionsaí ón aer atá annamh i solas an lae.

Bhí fuinneoga briste agus painéil sracadh as, agus na céadta cónaitheoirí Kyiv ag cabhrú le smionagar a ghlanadh.

‘Bhí sé scanrúil. Ní raibh mé in ann análú, bhí mé ag iarraidh [mo leanbh] a chlúdach. Bhí mé ag iarraidh é a chlúdach leis an éadach seo ionas go bhféadfadh sé análú,’ a dúirt Svitlana Kravchenko, atá 33 bliain d’aois.

D’fhógair rialtas na hÚcráine lá oifigiúil dobróin Dé Máirt tar éis an ionsaí ar an óspidéal.

Máithreacha le leanaí a tarrtháil ón bhfoirgneamh
Máithreacha le leanaí a tarrtháil ón bhfoirgneamh

Dúirt an rialtas gur léirigh na hionsaithe go háirithe ar an óspidéal go bhfuil gá práinneach ag an Úcráin le huasghrádú a dhéanamh ar a cosaintí aeir óna comhghuaillithe san Iarthar.

Lámhaigh aerchosaintí 30 as 38 diúracán, a dúirt aerfhórsa na hÚcráine.

Rinneadh damáiste do chaoga foirgneamh sibhialta, lena n-áirítear tithe cónaithe, ionad gnó agus dhá áit leighis i Kyiv, na cathracha lárnacha Kryvyi Rih agus Dnipro agus dhá chathair eile.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram