Léigh muid faoi na dlúthnaisc atá ag Príomh-Aire nua na Breataine le hÉirinn – ach tá ceangal níos gaire do go leor dár gcroíthe ag bean Kier Starmer, Victoria.
Tá grá aici do na ‘nags’ – agus is í an rásaíocht chapall a fíor-phaisean. Bhí sí amuigh Dé Domhnaigh chun bua iontach eile a fheiceáil do Aidan O’Brien, le City of Troy.
Nuair a bhí Keir Starmer agus a comhghuaillithe ag beartú an chéad rialtas eile sa Bhreatain, ghléas Victoria go galánta i gúna glas bláthanna, in ionad an deirg a chaitheann sí de ghnáth.
Agus bhí an glas oiriúnach go leor mar bhí sí amuigh ar feadh an lae ag na rásaí – rud a chruthaíonn go mbeidh ar a laghad duine amháin i Sráid Downing lena gcuid tosaíochtaí ceart.
Chonacthas Victoria, atá ina máthair de bheirt, ag seiceáil na ‘runners and riders’ ag Páirc Sandown i rith an Coral-Eclipse.
Agus bhí an bua ag buaiteoir an Derby, City of Troy, de chuid Aidan O’Brien.
D’oibrigh Victoria Starmer ar dtús mar dhlíodóir agus ansin mar theiripeoir saothair (occupational therapist) do sheirbhís sláinte poiblí na Breataine, an NHS.
Mar sin féin, fuair sí a grá don spórt óna máthair Barbara, a rugadh agus a tógadh i Doncaster.
Bhí a seanmháthair ina cónaí ar imeall ráschúrsa cáiliúil an bhaile.
Ar bhalla na cistine i dteach teaghlaigh Starmer i Kentish Town, i dtuaisceart Londain, tá fiú grianghraf den phost deiridh ag ráschúrsa Doncaster, a léiríonn gean Victoria do chapaill agus fréamhacha a máthar.
Dúirt an tUasal Starmer le déanaí: ‘Bhí rásaíocht capall ag máthair Vic ina cuid fola agus is breá le Vic é freisin. Is breá léi rásaíocht ar an gcothrom (flat racing).’
Ag caitheamh spéaclaí gréine agus ag comhrá go croíúil (cheerfully) le lucht an rása eile, bhí cuma shuaimhneach ar Victoria, i ngúna go rúitín (maxi dress) bláthphrionta (flowerprint), Me+Em Lantana, sreangán tarraingthe (drawstring), a dhíoltar ar €270.
Ba chodarsnacht (contrast) suntasach é leis na dathanna dearga a bhíonn á gcaitheamh aici de ghnáth, ó tháinig an tUasal Starmer i gceann an Lucht Oibre.
Bhí Victoria gléasta go Galánta freisin, tar éis bua thar na bearta ag an Lucht Oibre maidin Dé hAoine, i ndathanna traidisiúnta an Lucht Oibre.
Chaith sí gúna poipín dearg, ‘contraststitch’, gearrmhuinchilleach (short-sleeved)– le Me+Em freisin (€324) – le haghaidh a céad ghrianghraf taobh lena fear céile i Sráid Downing.
Díreach 24 uair an chloig roimhe sin, bhí cuma níos ócáidí ar Victoria, ag teacht go stáisiún vótaíochta i dtuaisceart Londain ag caitheamh léine dearg corcairdhearg ón dearthóir Meiriceánach Simkhai, péireáilte le bróga ratha bán clasaiceacha.
Cabhróidh stíl Victoria léi sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn agus í ag dul os comhair an phobail.
Ach, de réir dealraimh, ní choimeádfaidh brú na polaitíochta í ón na ‘nags’. B’fhéidir go gcuirfeadh Victory Starmer ina luí ar a fear céile lá a chaitheamh ag Leopardstown.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.