Beidh ar thuismitheoirí áirithe €500 a íoc le haghaidh vacsaín RSV ‘saor in aisce’

02/07/2024

Deir saineolaithe gur cheart do gach leanbh an vacsaín RSV a fháil i mí Mheán Fómhair seo chugainn ach ní bhfaighidh cuid acu é

Ní thabharfar vacsaín in aghaidh RSV do naíonáin faoi shé mhí d’aois, a thabharfar do naíonáin nuabheirthe ó 1 Meán Fómhair. Deir saineolaithe, áfach, gur cheart do gach leanbh óg é a fháil.

Cosnóidh an vacsaíniú nua naíonáin ó Víreas Sioncróbach Riospráide (RSV), arbh é ba chúis leis na céadta leanaí óga a cuireadh san ospidéal anuraidh, mar gheall ar ionfhabhtuithe riospráide (respiratory infections).

Mar gheall ar an gcinneadh gan an clár RSV nua a shíneadh chuig leanaí atá faoi bhun sé mhí d’aois, is é an t-aon rogha a bheidh ag a dtuismitheoirí ná an vacsaíniú a fháil go príobháideach – ar chostas féideartha de €500.

Ní thabharfar vacsaín in aghaidh RSV do naíonáin faoi shé mhí d’aois
Ní thabharfar vacsaín in aghaidh RSV do naíonáin faoi shé mhí d’aois

D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly an tseachtain seo caite go mbeadh an clár RSV ar siúl idir Meán Fómhair 2024 agus Feabhra 2025.

Dúirt sé go laghdódh sé an t-ualach (burden) a chuireann RSV ar an tseirbhís sláinte.

Leanann sé comhairle ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh (National Immunisation Advisory Committee, NIAC) ag moladh go n-úsáidfí ‘Monoclonal Antibody Immunisation’ do shéasúr víreas an gheimhridh 2024/2025.

Déanfar an vacsaín a thairiscint do thuairim is 28,000 naíonán.

Bunaithe ar fhianaise ó chlár comhchosúil sa Spáinn, meastar go seachnófar suas le 453 ospidéal agus thart ar 48 iontráil ICU mar thoradh ar an gclár.

Mhol comhairle an NIAC go ndéanfaí vacsaíniú ar gach naíonán a rugadh le linn an tséasúir RSV, agus sin an rud atá molta ag an Uasal Donnelly. Moladh freisin go dtabharfaí an vacsaíniú do gach naíonán faoi bhun sé mhí d’aois.

‘Imdhíonadh (immunisation) aon uaire a bheidh anseo chun naíonáin nuabheirthe a chosaint nuair is leochailí iad i leith aimhréití (complications) RSV,’ a dúirt urlabhraí de chuid an HSE.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram