An aithníonn tú é? Phós Thomas Brodie-Sangster, réalta Game of Thrones, iarbhean chéile Elon Musk, Talulah Riley

27/06/2024

Bhuail Thomas Brodie-Sangster agus Talulah Riley, a bhí pósta le Musc dhá uair, le chéile agus iad ag obair ar sraith (series) faoi na Sex Pistols le haghaidh Danny Boyle, do Disney+

Fear pósta anois is é Thomas Brodie-Sangster, a bhí ina réalta in Game of Thrones agus Love Actually –  tar éis dó a chuid gealltanais bainise a ghealladh leis an aisteoir eile Talulah Riley.

Bhuail Brodie-Sangster, atá 34 bliain d’aois anois, agus Riley, atá 38 bliain d’aois, le chéile agus iad ag scannánú sraith Disney+ Danny Boyle Pistol (bunaithe ar an mbanna rac-cheoil, na Sex Pistols) i 2021; agus thug siad lámh is focal dá chéile (got engaged) dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Thomas Brodie-Sangster agus Talulah Riley
Thomas Brodie-Sangster agus Talulah Riley

Is dócha go bhfuil aithne níos fearr ar Brodie-Sangster as a ról i Game of Thrones agus sa scannán Love Actually.

Bhí róil aige freisin i The Maze Runner agus sa tsraith Netflix, The Queen’s Gambit.

Bhí Riley i ról Annabel Fritton sa scannán 2005 St Trinians chomh agus i Pride and Prejudice, agus Westworld.

Mar sin féin, tá aithne uirthi freisin as a pósadh le húinéir Tesla agus X, Elon Musk, a phós sí faoi dhó.

Tháinig an péire le chéile i gclub oíche i Londain i 2008. Phós siad i 2010 agus mhair an pósadh dhá bhliain, bhí siad colscartha i 2012.

D’éirigh leo fanacht óna chéile ar feadh bliana agus phós siad arís i 2013.

An uair sin mhair a bpósadh trí bliana go dtí 2016, nuair a fuair siad an dara colscaradh.

Thomas i Game of Thrones
Thomas i Game of Thrones

In ainneoin sin is cosúil go bhfuil Riley agus Musk ar théarmaí maithe, agus rinne Elon comhghairdeas léi as a rannpháirtíocht le Brodie-Sangster nuair a d’fhógair siad a nuacht.

Dúirt sí leis an Independent i 2022: ‘Is cara iontach é. Breathnaíonn sé amach dom.

‘Tá muid in áit shona anois, áit a bhfuilimid go maith dá chéile, rud atá iontach deas. Tá an-ghrá agam dó.’

Phós Brodie-Sangster agus Riley i Hertfordshire i Sasana, Dé Sathairn, timpeallaithe ag baill teaghlaigh agus dlúthchairde.

Bhí searmanas i Séipéal St Geroge, séipéal ón 14ú haois, in Anstey.

In íomhánna a foilsíodh in The Sun, is féidir Brodie-Sangster agus Rileya fheiceáil ag miongháire agus a n-aíonna ag caitheamh confetti orthu.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram