Fuair Tamayo Perry, a bhí ina réalta i Pirates of the Caribbean in éineacht le Johnny Depp, bás tar éis dó a bheith ionsaí ag siorc agus é ag tonnmharcaíocht i Haváí (Hawaii).
Fuair an t-aisteoir a bhí 49 bliain d’aois bás tráthnóna Dé Domhnaigh, a dúirt seirbhísí éigeandála Honolulu.
Glaodh ar na seirbhísí éigeandála go Trá Malaekahana thart ar 1pm am áitiúil.
Ach fógraíodh Perry, a bhí ina gharda tarrthála freisin, marbh ag paraimhíochaineoirí (paramedics) tar éis dó a bheith tugtha go dtí an tír ag scairdsciála (jet ski).
Bhí Perry i ról duine de na foghlaithe mara (pirates) i Pirates of the Caribbean: On Stranger Tides, an ceathrú scannán sa tsraith.
Is iad Penelope Cruz agus Geoffrey Rush na réaltaí sa scannán sin i 2011, le Johnny Depp mar an foghlaí mara Captaen Jack Sparrow.
Bhí róil ag Perry freisin i Lost, Hawaii Five-0, Blue Crush agus an Charlie’s Angels Full Throttle, agus tá sé le feiceáil i bhfógra Coca-Cola.
Rugadh Perry ar an taobh thoir de Oahu, agus bhí sé ag tonnmharcaíocht go gairmiúil le breis is deich mbliana anuas.
Bhí sé i mbun oiliúna le Oahu Surfing Experience, áit ar chuir sé síos ar a thaithí ag tonnmharcaíocht ar ‘the world’s deadest wave’.
Dúirt sé freisin go raibh baint aige le timpiste roinnt blianta ó shin agus go raibh sé beagnach básaithe ag an am.
Dúirt sé gur tharla sé sin mar gheall ar ‘easpa feasachta’ duine eile.
Dúirt Kurt Lager, príomhfheidhmeannach Gníomhach um Shábháilteacht Aigéin Honolulu (Acting Honolulu Ocean Safety), go raibh aithne mhaith air, ar fud an domhain.
‘Bhí pearsantacht Tamayo tógálach (infectious), agus an oiread agus a raibh grá ag daoine air, bhí níos mó grá aige do gach duine eile.’
Dúirt sé freisin: ‘Déanaimid comhbhrón le teaghlach Tamayo.’
Dúirt an Méara Rick Blangiardi gur ‘caillteanas tragóideach’ é bás Perry.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.