Are you ready for it? Liosta imeachtaí ar théama Taylor Swift, a bheidh ar siúl an tseachtain seo

26/06/2024

Beidh baint ag Taylor Swift le han-chuid daoine ag casa ar a chéile i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo, ó phéinteáil neon go déanamh bráisléad  (bracelet) agus oícheanta féilte le cóisirí iar-cheolchoirme

Baile Átha Cliath, Are you ready for it? Tá Turas Eras le Taylor Swift ag teacht chuige an phríomhchathair ag an deireadh seachtaine agus tá an spleodar i ngach áit.

Roimh theacht Swift, ba mhaith le gach duine – fiú iad siúd nach bhfuil ag dul chuig na ceolchoirmeacha – páirt a ghlacadh.

Agus, nach deas an rud é, tá roinnt grúpaí ag baint an leas is fearr as an ócáid agus ag óstáil imeachtaí éagsúla ar théama Taylor ar fud na cathrach.

Más mian leat a bheith páirteach –  nó más mian leat a fháil amach cad é an ‘fuss’ ar fad – agus nach bhfuil tú cinnte cá háit le tosú, ná bí buartha. Léigh ar aghaidh!

Taylor Swift
Taylor Swift

Imeachtaí Réamh-thaispeána (Pre-Show Events)

Péinteáil Neon: Réamhpháirtí Taylor Swift

Cathain: Déardaoin

Cá háit: Pawn Shop

Seo ceann le haghaidh na Swifties cliste, oíche de phéinteáil neon.

Tógfaidh an fhoireann ag Alternative Dublin gach duine, céim ar chéim, chun sárshaothar a chruthú, agus níl gá le taithí roimh ré. Agus beidh fuaimrian (soundtrack) na hoíche déanta le hamhráin Swift. Cosnaíonn na ticéid: €29.93 agus tá siad ar fáil ANSEO.

Taylor Swift 2

Déan do Bhráisléid Chairdis (friendship bracelets) ar Théamaí Taylor Swift

Cathain: Dé Céadaoin

Cá háit: This Must Be The Place

Dúirt Taylor Swift, uair amháin: ‘Déan na bráisléid chairdis’ agus bhí a lucht leanúna sásta é sin a dhéanamh.

 Tá ceardlann á reáchtáil ag Alternative Dublin chun bráisléid chairdis a dhéanamh.

Beidh siad ag seinm amhráin Swift chomh maith, agus spreagfar iad siúd atá páirteach chun an ealaín albam is fearr leo nó na liricí is fearr leo a chur lena seodra. Cosnaíonn ticéid €17.07 agus tá siad ar fáil ANSEO.

taylor swift2

‘Swiftie Sing and Sip’

Cathain: Dé hAoine

Cá háit: Bar Rua

Mura bhfuil tú in ann dul síos go dtí an Aviva ag canadh in éineacht le Swift don chéad gig, ná bí buartha, tá rud beagnach chomh maith leis ag Bar Rua.

Tá siad ag óstáil oíche karaoke spreagtha ag Swift, áit ar féidir le lucht leanúna mhanglaim (cocktails) a ól agus amhráin iontach a chanadh le hábhar a gcroí. Níl aon chostas le bheith páirteach agus is féidir áiteanna a chur in áirithe ANSEO.

taylor swift feat1

Brunch le Téamaí Taylor

Cathain: Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh

Cá háit: NoLita

Bain sult as oíche amuigh agus béile ag NoLita ar Shráid Sheoirse Theas i mBaile Átha Cliath.

Ar phraghas €38.50, áirítear ar na ticéid roinnt West Coast Cooler Rose le tosú, agus béile príomhchúrsa ó bhiachlár ‘brunch’ na hIodáile ina dhiaidh sin.

Agus beidh duaiseanna ar fáil do na daoine is fearr gléasta, chomh maith le DJ le ceol Swift. Tá na ticéid ag díol go tapa agus tá siad ar fáil ANSEO.

Imeachtaí ‘After-Party’

Ní bheidh lucht na ceolchoirme ag iarraidh go stopfadh an chóisir agus ligfidh roinnt ionad i mBaile Átha Cliath dóibh dul ar aghaidh leis.

Amharc ar liosta na n-iarpháirtithe thíos:

1. Wigwam – Dé hAoine.

2. An Tobar – Dé hAoine.

3. Club an Lucht Oibre – Dé Sathairn.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram