Tugadh dóchas éigin do theaghlaigh atá buartha faoina laethanta saoire, le Ryanair ag cur níos mó eitiltí ar siúl agus aighneas Aer Lingus ag dul os comhair na Cúirte Oibreachais (Labour Court).
Mar sin féin, in ainneoin idirghabháil na cúirte, tá gníomhaíocht thionsclaíoch (industrial action) fós le tosú níos déanaí an tseachtain seo.
Thug an Chúirt Oibreachais cuireadh d’Aer Lingus agus do Chumann Píolótaí Aerlínte na hÉireann (Irish Air Line Pilots’ Association, IALPA) freastal ar chruinnithe ar leith Dé Máirt maidir leis an aighneas pá píolótach, agus ghlac an dá thaobh leis.
Chomh maith leis sin tá sé ráite ag Ryanair go bhfuil go leor dá n-eitiltí díolta mar gheall ar stailc Aer Lingus ach go bhfuil níos mó curtha leo anois, chun freastal ar an éileamh.
Chuir an aerlíne eitiltí breise ar fáil ó Londain Stansted, Malaga sa Spáinn agus Faro sa Phortaingéil don Satharn agus don Domhnach seo.
Tá eitiltí costasach, áfach, cé gur mhaígh Ryanair nár ardaigh siad praghsanna mar thoradh ar an aighneas in Aer Lingus.
Tosaíonn na táillí ar na heitiltí breise Stansted ag €270 bealach amháin, le táillí ar eitiltí Malaga ag tosú ag €330 bealach amháin, agus ar an eitilt Faro ag €340 bealach amháin.
Dúirt príomhoifigeach margaíochta Ryanair, Dara Brady, freisin: go bhfuil Ryanair ag obair le Aer Lingus chun glacadh le cuid dá phaisinéirí aistrithe le linn laethanta saoire na scoile.
Dúirt sé: ‘Táimid ag obair le Aer Lingus chun cabhrú le paisinéirí nuair a bhíonn fáil againn ar shuíocháin.’
Thar an deireadh seachtaine, dheimhnigh Aer Lingus go bhfuil ar a laghad 220 eitilt curtha ar ceal ón gCéadaoin go dtí an Domhnach.
Tá fáilte curtha ag an Taoiseach Simon Harris roimh chinneadh an dá thaobh dul os comhair na Cúirte Oibreachais.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.