D’fhógair Ed Sheeran mórthionscnamh airgid don London Irish Centre in ómós croíúil dá sheanmháthair.
‘Nancy’ a thugtaí ar Anne Mary Sheeran née Mulligan, sheanmháthair Éireannach an amhránaí.
Fuair sí bás i dTeach Altranais Castle Gardens in Inis Córthaidh anuraidh (Enniscorthy).
Ás Loch Garman ó dhúchas ba í Anne, an inspioráid don amhrán móréilimh de chuid Sheeran, Nancy Mulligan, óna halbam i 2017, Divide, a insíonn an scéal faoin gcaoi ar bhuail sí lena fear céile William Sheeran.
Fógraíodh go mbeidh Sheeran ag tiomsú airgid don London Irish Centre trí chrannchur (raffle) domhanda ina mbuailfidh sé leis an mbuaiteoir ag a gig i Larnaca, an Chipir (Cyprus), ar an 7 Meán Fómhair.
Rachaidh an t-airgead go léir ón tarraingt i dtreo obair an ionaid, a sholáthraíonn ‘leas, rannpháirtíocht shóisialta, agus seirbhísí pobail agus cultúrtha eile’ d’Éireannaigh a chónaíonn i Londain.
‘Bhain mo sheanmháthair an-chuid úsáid as an London Irish Centre, agus beidh sé i gcónaí ina thearmann sábháilte do phobal na hÉireann i Londain,’ a dúirt Sheeran.
‘Is cinnte gurb í m’oidhreacht Ghaelach an chúis a mbím ag seinnt ceoil, agus mar phátrún, tá sé an-tábhachtach domsa a bheith in ann tacú lena gcuid seirbhísí tríd an bhfeachtas seo.
‘Buíochas mór le gach duine a tháinig isteach sa chrannchur chun tacú le cúis atá gar do mo chroí.
‘Tá súil agam go mbuailfidh mé libh ag an gig i Larnaca,’ a dúirt sé.
Ina theannta sin, gheobhaidh buaiteoir na duaise ticéid ceolchoirme, bronntanais sínithe, eitiltí agus lóistín.
Ag rá go bhfuil an eagraíocht ‘thar a bheith buíoch as an tacaíocht’ a chuir Sheeran ar fáil, mhol Príomhfheidhmeannach an London Irish Centre Séamus MacCormaic an t-amhránaí as an gcúnamh airgid a rinne sé thar na blianta.
‘Braitheann an London Irish Centre go mór ar dheonacháin, go háirithe sa saol atá ann faoi láthair, agus muid ag tacú le níos mó daoine ná riamh atá ag tabhairt aghaidh ar bhochtaineacht, fadhbanna meabhairshláinte, aonrú sóisialta agus eisiamh (exclusion) digiteach.
‘Cuidíonn gach iontráil linn seirbhísí ríthábhachtacha pobail a sholáthar, chomh maith le clár bríomhar cultúrtha agus oideachais. Míle buíochas le Ed, a fhoireann, agus gach duine a tháinig isteach.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.