

Tá an comhlacht mearbhia (fastfood company) Éireannach atá lonnaithe i nGaillimh, Supermac’s, ag dul go hidirnáisiúnta tar éis bua cúirte san Eoraip le déanaí ar McDonald’s.
Tar éis an chatha cúirte a mhair blianta dúirt ceannasaí Supermac’s Pat McDonagh gur ‘bhua suntasach é do ghnólachtaí beaga ar fud an domhain’.
Dúirt sé: ‘Bhí a fhios againn nuair a thugamar faoin gcath seo gur cath David versus Goliath a bhí ann.

‘Ba é bunchuspóir ár n-iarratas ná léiriú a dhéanamh ar úsáid na bulaíochta trádmhairc (trademark bullying) ag an ilnáisiúnta (multinational) seo chun iomaíocht a theorannú,’ a dúirt sé.
Toisc gur bhuaigh Supermac an cath sin tá suim mhór ag gnólacht saincheadúnais (franchises) ar fud an Aontais Eorpaigh agus sa Bhreatain.
Fuair McDonagh, atá ina úinéir agus bunaitheoir, thart ar 50 fiosrúchán ó ar fud na hEorpa tar éis dó an cás cúirte, a bhí faoi thrádmharc don ‘Big Mac’, a bhuachan.
Bheadh aon leathnú isteach san Eoraip nó sa Bhreatain ar an gcéad iarracht ag Supermac’s lasmuigh d’Éirinn.
Tháinig fiosrúcháin faoi shaincheadú branda Supermac’s ó thíortha mar an Pholainn, an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Bhreatain, a dúirt McDonagh.
Sular féidir linn taitneamh a bhaint as ‘Might Mac’ nó ‘Deluxe Breakfast Roll’ ó Supermac’s i Londain nó i Learpholl, áfach, beidh orthu cás cúirte trádmharc den chineál céanna a bhuachan i gcoinne McDonald’s sa Bhreatain, a tuairiscíodh Dé Luain.
In agallamh leis an gcraoltóir Meiriceánach CNN, dúirt an fiontraí as Gaillimh go mbeidh Supermac’s ag ‘athmheasúnú’ ar a sheasamh anois agus go bhfuil siad ag súil le leathnú ar fud na hEorpa sna blianta beaga amach romhainn.
Níos luaithe an mhí seo, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa i bhfabhar Supermac’s.

Sheas an chúirt le gearán nach bhféadfadh McDonald’s an trádmharc ‘Big Mac’ a choinneáil i leith táirgí éanlaithe clóis (poultry).
Chuaigh Supermac’s i ngleic le McDonald’s den chéad uair i 2017. Tá an t-aighneas dlíthiúil idir an dá thaobh ag leanúint ar aghaidh ó shin.
I 1996, chláraigh McDonald’s an trádmharc ‘Big Mac’ san Eoraip. D’áitigh Supermac’s, áfach, nach raibh sé á úsáid acu le haghaidh béilí sicín.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.