‘Criminal charges’ ar Justin Timberlake faoi ‘tiomáint ar meisce’

18/06/2024

Bhí Timberlake i seilbh na bpóilíní thar oíche tar éis dóibh a rá nár stop sé ag comhartha stad, agus é ag tiomáint a BMW nua

Gabhadh Justin Timberlake i Nua-Eabhrac mar gheall ar líomhaintí go raibh sé ag tiomáint agus é ar meisce.

Dúirt póilíní gur chonacthas don chéad uair é nuair a theip air fanacht ina lána agus theip air stopadh ag comhartha stad.

Gabhadh an t-aisteoir agus réalta pop, atá 43 bliain d’aois, go luath maidin Dé Máirt i sráidbhaile saibhir Sag Harbour i Nua-Eabhrac, de réir Robert Drake, ceannasaí  áitiúil na bpóilíní.

Coinníodh Timberlake thar oíche agus cuireadh é ar an eolas faoi na cúisimh choiriúla ina choinne ar maidin sular scaoileadh saor é.

Justin Timberlake le Jessica Biel
Justin Timberlake le Jessica Biel

Bhí Timberlake, arb as Tennessee dó, ag tiomáint BMW 2025 nua, ag an am.

Scaoileadh saor é ar a chúirtbhanna féin (his own recognisance) níos déanaí.

Tá an réalta a bhfuil cáil air as an amhrán, Cry Me A River, ar camchuairt i Meiriceá faoi láthair agus beidh sé ag ceolchoirmeacha san Eoraip an mhí seo chugainn, lena, ‘The Forget Tomorrow World Tour’.

Cuimsíonn an chuid Eorpach den chamchuairt, a thosóidh in Krakow, an Pholainn an 26 Iúil, seónna i mBirmingham agus Manchain (Manchester) chomh maith le dhá dháta ag an O2 i Londain i mí Lúnasa, ach ní bheidh sé ag seinm in Éirinn.

Bhain Timberlake, atá ina bhuaiteoir Grammy, cáil amach ar dtús mar bhall den bhanna buachaillí NSYNC.

Sheol sé a albam aonair is déanaí, Everything I Thought It Was, i mí an Mhárta.

Tá cáil air freisin mar gheall ar a chuid léirithe i scannáin lena n-áirítear The Social Network (2010) agus Friends With Benefits (2011).

Táthar tar éis dul i dteagmháil le hionadaithe Timberlake chun tuairimí a fháil faoin eachtra, dar le gníomhaireacht nuachta an Press Association.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram