Tá baint níos mó ag Éirinn le gnóthaí na hEorpa le déanaí, mar atá feicthe againn ó ghníomhaíochtaí an Tánaiste Micheál Martin san Aontas Eorpach chun brú a chur ar Iosrael sos cogaidh a bheith acu i nGaza.
Vótálfaidh an chéad Pharlaimint Eorpach eile freisin don chéad uachtarán Eorpach eile agus Ursula von der Leyen ag seasamh arís.
Mar sin féin, ciallaíonn sé sin freisin go bhfuil baint níos mó ag an Aontas Eorpach le gnóthaí na hÉireann.
Ar an ábhar sin is dócha go mbeidh ár vóta i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, Dé hAoine 7 Meitheamh, níos tábhachtaí ná riamh.
Beidh na polaiteoirí ag ár ndoirse agus ar ár scáileáin ag tabhairt a dtuairimí féin, ach cad iad na saincheisteanna agus na dúshláin a bheidh ag Éirinn laistigh den Aontas Eorpach sna blianta amach romhainn?
Cad iad na ceisteanna móra – agus na freagraí – atá sa bhfeachtas toghchánaíochta na hEorpach seo?
Chun iad sin a phlé tá díospóireacht bheo ar siúl ag an suíomh nuachta tuairisc.ie ar líne.
‘Toghchán na hEorpa – vóta tábhachtach?’ is teideal don díospóireacht a mbeidh an sárchraoltóir Cathal Mac Coille, a bhí le Morning Ireland agus atá anois ina cholúnaí le tuairisc.ie, ina chathaoirleach uirthi.
Ina theannta beidh Máirín Ní Ghadhra, craoltóir agus iriseoir, Clíodhna Ní Mhianáin, mac léinn, Áine Ní Chiaráin, iriseoir agus tráchtaire, agus Seán Tadhg Ó Gairbhí, eagarthóir tuairisc.ie.
Tá sé mar chuid den tsraith Láithreach Bonn 24 ag an suíomh nuachta.
Is féidir féachaint ar ‘Toghchán na hEorpa – vóta tábhachtach?’. CLICEÁIL ANSEO
Conas Vóta a Chaitheamh
Tá eolas praiticiúil faoi na toghcháin agus faoi chlárú ar fáil anseo elections.europa.eu/ga agus anseo meabhrúcháin vótála.
Is féidir eolas a fháil ar na meáin shóisialta leis na haischlibeanna seo #ÚsáidDoVóta (mar aon leis an leagan Béarla, #UseYourVote), #ToghcháinAE2024, #AE2024.
Ar gach páipéar ballóide, bí cinnte go dtosaíonn tú le ‘1’, ansin ‘2’, ansin ‘3’ agus mar sin de.
Chun a chinntiú go gcomhairtear do vóta, bí cinnte do roghanna a mharcáil chomh soiléir agus is féidir.
Mura dteastaíonn uait uimhir a chur le gach iarrthóir ar an bpáipéar ballóide, caithfear an bosca in aice le hainm na n-iarrthóirí nach bhfuil tú ag caitheamh vóta ar a son a fhágáil folamh.
Ná cuir aon mharc eile ar an bpáipéar ballóide. Má chuireann, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil do vóta neamhbhailí/millte agus nach gchomhairfí é.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.