

Beidh ar bhainisteoir nua Liverpool cúl báire nua a aimsiú mar dúirt Caoimhín Kelleher, a imríonn d’Éirinn, go bhfuil sé ag iarraidh bogadh ar aghaidh – nó a bheith mar chúl báire Uimhir 1.
Dúirt Caoimhín, atá ina dhara rogha ag Liverpool agus ag Éirinn freisin, go bhfuil sé ag iarraidh cuidiú leis an bhfoireann náisiúnta dul chun cinn sna comórtais, mar chúl báire céad rogha.
Dúirt sé, in agallamh le The Athletic: ‘Is breá liom a bheith le Liverpool agus tá súil agam go bhfuil níos mó le teacht ann.
‘Ach is dóigh liom go bhfuil mo bhlianta mar Uimhir 2 déanta agam. Is í an uaillmhian anois ná a bheith mar Uimhir 1. Táim réidh agus cumasach (capable).’

Bhí Caoimhín ina réalta do Liverpool sa séasúr seo caite ach tá sé fós ina chúl báire Uimhir 2.
Fuair sé deis imirt i gcluichí an-tábhachtacha ach tharla sé sin mar gheall ar ghortú i dteannán a ioscaide (hamstring) do chúl báire Uimhir 1, Alisson.
D’imir Caoimhín, arb as Corcaigh dó, i 26 cluiche i ngach comórtas an séasúr seo, sin níos mó ná thar na ceithre shéasúr a bhí aige roimhe sin.
Bhí Caoimhín, atá 25 bliain d’aois, ina réalta i gcluiche ceannais Chorn na Sraithe (League Cup) le Liverpool in aghaidh Chelsea i mí Feabhra seo caite agus tá 12 chluiche imeartha aige d’Éirinn.
An mhí seo chugainn imreoidh sé d’Éirinn agus é sna cluichí in aghaidh na hUngáire agus na Portaingéile, agus Gavin Bazunu as Southampton gortaithe go dtí an bhliain seo chugainn.
Ní thagann deireadh lena chonradh le Liverpool go dtí 2026 ach beidh cainteanna faoina thodhchaí sna seachtainí amach romhainn.
Dúirt sé, san agallamh le The Athletic, go mbeadh sé go hiontach dá mbeadh sé ina chúl báire Uimhir 1 ag Liverpool, ach, ‘Níl mé amaideach. Tá a fhios agam gurb é Ali an cúl báire is fearr ar domhan le blianta fada.’
Dúirt sé freisin: ‘Cibé an bhfuil sé anseo i Liverpool nó áit éigin eile, is dóigh liom gurb é an chéad chéim eile domsa a bheith i mo Uimhir 1.
‘Beidh roinnt plé ann sna seachtainí atá romhainn. Bhí an club gnóthach leis an mbainisteoir ag imeacht agus ag ceapadh ceann nua.
‘Agus an fhoireann (staff) nua ar fad ag teacht, tarlóidh na cainteanna sin.’

Tá uaillmhianta aige freisin éirí go maith d’Éirinn.
Imreoidh sé d’Éirinn i Sraith na Náisiún níos déanaí i mbliana, a thosóidh sa bhaile in aghaidh Sasana i mí Mheán Fómhair.
Dúirt sé: ‘Is í an uaillmhian atá agam ná a bheith mar Uimhir 1 in Éirinn. Ba mhaith liom cabhrú linn a thabhairt chuig comórtais mhóra.
‘Is mór an cuspóir atá agamsa é sin a dhéanamh, ach chun é sin a dhéanamh i ndáiríre ní mór dom a bheith ag imirt gach seachtain,’ a dúirt sé.
Tá bainisteoir eatramhach (interim) na hÉireann John O’Shea ag réiteach a scuad don chluiche cairdiúil Dé Máirt in aghaidh na hUngáire, agus as baile i gcoinne na Portaingéile ar an 11 Meitheamh, le Caoimhín mar chúl báire na hÉireann.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.