Aithneoidh Éire stát na Palaistíne, a dúirt an Taoiseach Simon Harris, Dé Céadaoin – agus tá freagra tugtha ag Iosrael trína n-ambasadóir go hÉirinn Dana Erlich a thabhairt abhaile.
Dúirt an Taoiseach go bhfuil Éire ag aithint stát na Palaistíne mar ‘creidimid sa tsaoirse agus sa cheartas mar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta’.
Dúirt sé: ‘Inniu, tá Éire, an Iorua (Norway) agus an Spáinn ag fógairt go n-aithnímid stát na Palaistíne.
‘Tabharfaimid faoi cibé céimeanna náisiúnta is gá chun éifeacht a thabhairt don chinneadh sin.’
Ciallaíonn an t-aistriú go bhfuil cearta na bPalaistíneach ar a stát aitheanta ag 11 stát Eorpach – agus cuirfidh sé brú ar thíortha eile san Aontas Eorpach é sin a dhéanamh freisin.
Agus a ráiteas á dhéanamh aige, rinne an Taoiseach tagairt don nasc láidir atá ag muintir na hÉireann do mhuintir na Palaistíne, agus streachailt na hÉireann ar son saoirse agus aitheantais.
Dúirt sé: ‘Ar 21 Eanáir 1919, d’iarr Éire ar thíortha an domhain a aithint go raibh an ceart againn a bheith inár stát neamhspleách.
‘Ba é ár dteachtaireacht do náisiúin shaor an domhain ná pléadáil ar aitheantas idirnáisiúnta dár neamhspleáchas, ag cur béime ar ár bhféiniúlacht náisiúnta ar leith, ar ár streachailt stairiúil, agus ar ár gcearta chun féinchinnidh agus ceartais.
‘Inniu, bainimid úsáid as an gcineál céanna focal chun tacú le haitheantas a thabhairt don Phalaistín mar stát,’ a dúirt an tUasal Harris.
‘Ní chailleann Iosrael faic as aitheantas stáit na Palaistíne,’ a dúirt sé mar fhreagra ar chinneadh Iosrael a ambasadóirí a tharraingt siar as Éirinn agus as an Iorua.
‘Ní mór dúinn réiteach dhá stát (two-state solution) a fháil, réiteach a aithníonn stát Iosrael, a aithníonn staid na Palaistíne.’
Dúirt sé gur ‘dhúshlán ollmhór’ a bheadh sna hiarrachtaí chun réiteach dhá stát a choinneáil ‘beo’.
Aithníonn ochtar ball den Aontas Eorpach an Phalaistín cheana féin, lena n-áirítear an tSualainn (Sweden) i 2014.
Tagann an cinneadh tar éis don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (International Criminal Court) barántais ghabhála (arrest warrents) a eisiúint do phríomh-aire Iosrael Benjamin Netanyahu agus baill shinsearacha Hamas.
Idir an dá linn, i bhfíseán ar líne a bhí dírithe ar Éirinn, d’éiligh Aireacht Eachtrach (Foreign Ministery) Iosrael ‘go dtiocfaidh tuilleadh sceimhlitheoireachta’ agus go gcuirfí ‘aon ionchais le haghaidh na síochána i gcontúirt’ le seo.
I bhfíseán a roinntear le X, dúirt am Aireacht nach mbeidh aitheantas na hÉireann don Phalaistín ‘ach mar spreagadh don éagobhsaíocht (instability).’
D’fhreagair urlabhraí Rialtais: ‘Táimid an-soiléir. Ní Hamas muintir na Palaistíne.
‘Is eagraíocht sceimhlitheoireachta í Hamas a cháinimid go hiomlán. Aithneoidh Éire staid na Palaistíne go luath chun réiteach an dá-stát (two-state solution) a choinneáil beo.
‘Tá tubaiste dhaonnúil i nGaza i gcónaí agus éilímid arís sos cogaidh, scaoileadh gialla agus cúnamh a shreabhadh.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.