Tá an chuma ar an scéal go bhfuil treocht an lucht tacaíochta agus bainisteoirí peile i Sasana i ndiúltú tacaíocht a thabhairt d’fhoireann Shasana leathnaithe go dtí saol an cheoil agus Noel Gallagher.
Dúirt Jack Charlton, go clúiteach, ‘Ní Sasanach mé, is fear Yorkshire mé’, agus déarfaidh go leor de lucht leanúna Learpholl leat, ‘Ní Sasanach mé, is Scouser mé.’
Anois tá an treocht tar éis bogadh go dtí an chathair ina bhfuil iomaitheoirí móra Learpholl lonnaithe, Manchester.
Bhí Oasis conspóideach i gcónaí agus rinne siad a bhféiniúlacht Éireannach a cheiliúradh i gcónaí chomh maith – ach anois tá Noel Gallagher tógtha céim ar aghaidh.
I gcathair ina raibh Manchester United ar an gclub ba mhó i gcónaí bhí na deartháireacha Gallagher i gcónaí ag tacú leis an gclub eile, Manchester City.
Mar sin féin, le déanaí is iad City agus ní United a chuir bród ar mhuintir Manchester agus ar an Domhnach bhuaigh siad an Premier League arís.
Agus é ag ceiliúradh an bua ag Staid Etihad, labhair Noel Gallagher le BBC Radio 5 Live faoina thacaíocht don fhoireann.
Dúirt sé, de réir RTÉ: ‘Ciallaíonn sé go bhfuil muid amuigh anois inár n-aonar mar an club is mó i Sasana.
‘Níl ceithre [theideal] faighte ag éinne eile as a chéile. Cuireann sé os cionn Liverpool, Man United, agus Arsenal sinn, agus é tuillte go mór.
‘Séasúr iontach a bhí ann, agus nílimid ar ár ndícheall fiú de réir dealraimh!’
Bhí Gallagher ag moladh imreoir lár páirce de chuid Manchester City, Phil Foden, a scóráil dhá chúl sa chluiche in aghaidh West Ham.
Mar sin féin, d’fhiafraigh agallóir an BBC air: ‘An spéis leat conas a imríonn sé do Shasana sna Euros an samhradh seo?’
Agus d’fhreagair Gallagher: ‘Ní lucht leanúna Sasanach mé, is Éireannach mé.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.