Tá imní ar Ghardaí faoi níos mó círéibeacha (riots) agus tá oibríocht mhór slándála ar siúl acu i mBaile Átha Cliath i bhfianaise eagla go mbeidh foréigean le linn Chluiche Ceannais Shraith Europa (the Europa League Final).
Beidh an cluiche idir Atalanta na hIodáile agus Bayer Leverkusen na Gearmáine ar siúl tráthnóna Dé Céadaoin i Staid Aviva.
Cuireadh oiliúint fhairsing ar bhaill den Aonad Náisiúnta um Ord Poiblí (National Public Order Unit) de chuid an Gharda Síochána chun déileáil le himeacht dá leithéid.
Ina theannta sin, tá sciatha (shields) níos fearr agus spraeála piobar (pepper spray) feistithe ag gardaí.
Chuir bainistíocht an Gharda Síochána saoire do na gardaí ar fad ar ceal agus dhearbhaigh siad gur ‘imeacht urghnách’ é ar scála oibríochta slándála náisiúnta.
Tá ardmholadh tugtha ag Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil do Bhaile Átha Cliath, Barry Andrews, don Gharda Síochána as a ‘phlean láidir póilíneachta’ roimh an gcluiche.
‘Mar gheall ar fadhbanna le lucht na peile ar an mór-roinn, tá faitíos ann go mbeidh foréigean ar shráideanna Bhaile Átha Cliath sna laethanta roimh Chluiche Ceannais Shraith Europa,’ a dúirt sé.
‘Léiríonn na troideanna a tharla le déanaí idir lucht leanúna Atalanta agus Rangers ar shráideanna Liospóin [cé nach raibh siad le bheith ag imirt a chéile] go bhfuil bagairt thromchúiseach go mbeadh an rud chineál céanna i mBaile Átha Cliath.
‘Tá go leor de lucht leanúna na hÉireann ar an eolas faoi thromchúis, tar éis an ionsaithe ar Seán Cox i Learpholl i 2018 ag lucht leanúna Roma,’ a dúirt sé.
‘Mar sin féin, tá sár-obair déanta ag na gardaí ag ullmhú don imeacht seo.
‘Tá sé seo aitheanta acu mar “ócáid urghnách” agus tá siad ag ullmhú dá réir.
‘Caithfear é seo a mholadh nuair nach bhfuil acmhainní ná líon na nGardaí i mBaile Átha Cliath san áit ar gá dóibh a bheith.’
Dúirt an tUasal Andrews go bhfuil fíordheis ag Baile Átha Cliath a bheith mar phríomhchathair pheile na hEorpa agus go leor imeachtaí móra eile a óstáil.
‘Ach ciallóidh sé seo líon ár nGardaí sa chathair a mhéadú go mór ar bhonn laethúil, ní hamháin ar bhonn neamhghnách,’ a dúirt sé.
‘Níl sé inbhuanaithe gardaí a tharraingt ó réigiúin eile agus póilíniú na cathrach ar ragobair a dhéanamh.
‘Tá droch-phóilíneacht timpeall ar chluichí Eorpacha peile le blianta beaga anuas tar éis an chlú atá ar chumas cathracha áirithe óstáil a dhéanamh ar mhórimeachtaí spóirt a mhilleadh.
‘Féach ar an gcaoi ar caitheadh go brúidiúil le lucht leanúna Learpholl i bPáras [ag póilíní na Fraince roimh Chluiche Ceannais Shraith na Seaimpíní] agus an “chaos” a chuaigh i gcion ar Seville [nuair a rinne lucht leanúna Rangers círéib roimh Chluiche Ceannais Shraith Europa in aghaidh Eintracht Frankfurt] i 2022.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.