Ná ghéill leis an ‘silent kiiler’: Coinneoidh na bianna seo ardbhrú fola (high blood pressure) íseal

20/05/2024

Tá ardbhrú fola ina chúis choitianta do thaomanna croí (heart attacks), agus is é ár nósanna itheacháin is cúis le sin, go príomha – ach seo bianna blasta a chabhróidh leat taitneamh a bhaint as an saol agus ardbhrú fola a choinneáil síos.

Is cúis mhór imní é ardbrú fola na laethanta seo ach is féidir le bia sláintiúil cabhrú leat é a rialú.

Is furasta ardbrú fola a chóireáil (treat), go minic le hathruithe ar réim bia (diet) agus stíl maireachtála, ach gan é sin, tá na rioscaí tromchúiseacha.

Tá athruithe réim bia tábhachtach agus tá gearradh siar ar shalann (salt) an-tábhachtach – ach tá níos mó na sin i gceist.

Tá níos mó ná 15 cothaitheach (nutrients) ann a bhaineann le ísliú ardbrú fola.

Tá ardbrú fola, nó Hipirtheannas (hypertension), thar a bheith coitianta agus maireann go leor daoine leis gan diagnóis.

patienthealth insurance getty 3

Go minic ní bhíonn aon chomharthaí ann go dtí go mbíonn sé ró-dhéanach, mar sin tugtar ‘marfóir ciúin’ air.

Cuireann sé brú breise ar an gcroí.

Tá ardbrú fola freagrach as go leor taomanna croí agus strócanna.

Ach is féidir le haclaíocht difríocht a dhéanamh agus strus a bhainistiú.

Chomh maith leis sin is maith an rud é an méid a itheann tú a athrú. Le sin is féidir ardbhrú fola a laghdú laistigh de sheachtainí.

Agus le sin ní bhíonn cógais ar bith eile ag teastáil ag roinnt othar.

Mar sin, seo iad na hathruithe réim bia is féidir a úsáid chun difríocht mhór a dhéanamh.

POTAISIAM

Tá cothaitheach (nutrient) Photaisiam chomh tábhachtach le sóidiam –is é sin chuid mhór salainn, a tharraingíonn sreabhán (fluid) isteach sa sruth fola, agus go minic tá baint aige sin le arbhrú fola.

Cuidíonn an photaisiam leat ar dhá bhealach: trí shóidiam a bhaint de do chuid fola, a laghdaíonn an méid sreabhán (fluid), agus trí laghdú hrú a chur ar do chuid soithigh fola (blood vessels) ionas gur féidir leo leathnú.

Tá potaisiam le fáil i go leor bianna, go háirithe torthaí, mar bhananaí, agus glasraí.

Is foinsí saibhir iad avocado agus prátaí milse. Déan leath do phláta le glasraí (nó torthaí) agus tá seans ann go bhfaighidh tú neart potaisiam.

HUMMUS

Tá an-chuid photaisiam i bpónairí (beans) agus chickpeas, agus, níos fearr fós, is foinse iontach iad chun snáithín (fibre) a fháil.

Íslíonn gach pónaire leibhéil ‘olc’ colaistéaróil agus saillte (fats) míshláintiúla eile san fhuil.

Mar sin, tá hummus agus pónairí bácáilte, an cineál le íseal-salann (low-salt baked beans) go maith ach tá chickpeas níos fearr.

LEITE (Porridge)

Tá coirce (oats), agus go háirithe bran coirce iontach.

Is é sin toisc go bhfuil cineál snáithíní i gcoirce ar a dtugtar béite-glúcán (beta-glucans), a chuidíonn leat fáil réidh leis an iomarca colaistéaról ‘olc’.

Cothaíonn béite-glúcáin do bhaictéir ‘maith’ na phutóga (gut) freisin.

Tá coirce leite (porridge oats) traidisiúnta tairbheach, ach tá níos mó béite-glúcáin i mbran coirce.

SÚ BIATAS (BEETROOT)

is leor gloine 250ml de shú biatais (beetroot juice) in aghaidh an lae ar feadh dhá mhí chun ardbhrú fola a ísliú go suntasach.

Sin toisc go bhfuil níotráití (nitrates) ag biatas, a laghdaíonn brú ar do chuid soithigh fola.

Ach tá na níotráití i mbiatas intuaslagtha (soluble) in uisce, agus dá bhrí sin caillfidh siad go leor dá gcuid buntáistí. Tá sé níos tairbhí an biatas a róstadh nó a ghalú (steam) agus é a chur isteach i sú.

Is féidir leat níotráití a fháil ó ghlasraí dorcha duilliúracha (leafy) freisin, mar sin bain triail as sailéad biatais rósta le glasaigh dhuilleacha dorcha cosúil le roicéad agus watercress.

PISTACHIOS

Cuidíonn cnónna le hardbhrú fola a ísliú mar go bhfuil saillte (fats) croí-shláintiúla iontu agus is iad pistachios na cinn is fearr.

Má itear dornán pistachios go laethúil ar feadh ceithre seachtaine ar a laghad is féidir ardbhrú fola a laghdú.

Ith pistachios gan salainn.

IASC

Tá óimige 3anna in iasc olúil (oily) mar ronnach (mackerel), bradán (salmon), breac (trout), sairdíní agus diúilicíní (mussels).


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram