An gcosnóidh an t-ardú árachas sláinte nua €630 sa bhliain ar do theaghlach?

Tá costas árachas sláinte ardaithe ag Irish Life don tríú uair i níos lú ná bliain amháin – mar sin cad is féidir linn a dhéanamh faoi?

Dúradh le teaghlaigh praghsanna níos fearr a lorg tar éis do chostais ar árachas sláinte ardú arís. Ach an bhfuil praghsanna níos fearr ann?

Tá sé ráite ag saineolaithe freisin go bhfuiltear ag súil le harduithe níos mó ar phraghsanna árachas sláinte.

Tá go leor teaghlach faoi bhrú airgeadais ach mothaíonn siad leochaileach mura bhfuil árachas sláinte acu agus anois tá an praghas ardaithe arís ag Irish Life.

student Stressed Student 2
Unhappy black woman feel stressed working on computer at home

Seo an tríú huair ó mhí Iúil na bliana seo caite a d’ardaigh Irish Life Health costas a gcuid pleananna éagsúla.

Tá an meánphraghas ag dul suas 5.3% ach dúirt Irish Life go mbeidh an t-ardú praghais i bpleananna éagsúla idir 1.6% agus 7.9%.

Tá sé tuartha ag saineolaithe go gcosnóidh an t-ardú idir €242 agus €630 sa bhliain ar theaghlach de bheirt dhuine fásta agus beirt pháiste.

Beidh tionchar ag na hathruithe praghais seo maidir le custaiméirí nua ón 1 Iúil agus le custaiméirí reatha a bhfuil a n-athnuachan dlite ón dáta sin.

Tá saineolaithe ag rá le daoine breathnú thart chun an luach is fearr a fháil ar phlean a oireann dóibh.

Dúirt Dermot Goode, comhairleoir árachas sláinte leis an Lockton Group, gur gá do theaghlaigh a bheith cúramach agus a gcostas féin a sheiceáil nuair a fheiceann siad an meánfhigiúr – seans go mbeidh an praghas a bheidh orthu a íoc i bhfad níos airde.

Dúirt sé freisin go gcaithfidh siad machnamh a dhéanamh ar na harduithe go léir atá tagtha isteach ó d’íoc siad an uair dheireanach ar árachas sláinte – mar gurb é sin an difríocht mhór do bhuiséad an teaghlaigh.

Tá sé ráite ag saineolaithe gurb í an phríomhchúis a bhfuil cuideachtaí árachais – agus ní Irish Life amháin – ag ardú praghsanna ná costas na n-éileamh, go háirithe ó na hospidéil phríobháideacha.

Thug an tUasal Goode rabhadh do dhaoine freisin a bheith ag súil le tuilleadh méaduithe praghais i mbliana.

Dúirt sé go bhfuil méaduithe 7% tugtha isteach cheana féin ag VHI agus Laya le cúpla mí anuas.

Dúirt saineolaithe:

Gur féidir le teaghlaigh a bheith ag súil le méaduithe praghais i bhfigiúirí dúbailte i mbliana, rud a tharla anuraidh freisin;

Tá pleananna nua á seoladh an t-am ar fad, mar sin tóg do chuid ama chun iad a sheiceáil:

Tá siad ag súil le tuilleadh méaduithe níos déanaí sa bhliain, b’fhéidir ó mhí Dheireadh Fómhair ar aghaidh.

Dúirt Ray Dolan, príomhfheidhmeannach an Údaráis Árachas Sláinte (Health Insurance Authority, HIA): ‘Ba mhaith linn i gcónaí spreagadh a thabhairt do thomhaltóirí (consumers) athbhreithniú a dhéanamh ar a mbeartas gach bliain ar a ndáta athnuachana chun a chinntiú go n-oireann a mbeartas dá riachtanais sláinte agus dá mbuiséad.

De réir ráiteas ó Irish Life Health, rinne an chuideachta an cinneadh ‘mar gheall ar an éileamh leanúnach atá ag méadú ar chúram sláinte ar fud na n-ospidéal poiblí agus príobháideach araon’.

Dúirt siad: ‘Tá sé seo mar thoradh ar an méadú an-suntasach agus leanúnach ar líon agus méid na n-éileamh.

‘Tá an treocht (trend) seo le sonrú go háirithe ó ospidéil phríobháideacha agus ardteicneolaíochta maidir le cúram sláinte a chuirtear ar fáil dár gcustaiméirí.’

Dúirt ceannasaí Irish Life, Ger Davis: ‘Táimid an-eolach ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ardú praghais ar chustaiméirí, agus tá fonn orainn tacaíocht a thabhairt dóibh chun leibhéal cuí a fháil a oireann dá mbuiséad.’

Is féidir le daoine an suíomh gréasáin www.hia.ie chun an polasaí is fearr dóibh a aimsiú.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram